skip to main content

Fiosracht, Fuinneamh, Oscailteacht- Mícheál Ó Súilleabháin

Labhair Breanndán Ó Beaglaoích, Peadar Ó Riada, Dr Orfhlaith Ní Bhriain, Dr. Catherine Foley agus Brian Morrissey le Helen Ní Shé ag tabhairt ómóis do Mhicheál Ó Súilleabháin ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Labhair stiúrthóir Scoil Cheoil an Earraigh, Breanndán Ó Beaglaoích faoina thaithí leis an gcumadóir ceoil a bhí i láthair ag an Scoil Cheoil na bliana seo caite. Dúirt sé gur 'onóir' a bhí ann a bheith ag seinim ceoil ina theannta. 

Bhí Ó Súilleabháin mar scoláire ag Seán Ó Riada sna seascaidí agus dúirt Peadar, mac Sheáin go raibh fuinneamh, fiosracht agus oscailteacht ag Ó Súilleabháin a bhíonn ag mic léinn óga ach gur éirigh leis é sin a choinneáil i gcónaí. 

"bhí sé i gcónaí óg ina chroí", a dúirt Ó Riada. Dúirt sé go bpléifidís ceisteanna móra ar nós cad is brí le ceol Gaelach? Cad is brí le bheith i do bheathaigh? 

Fear ildánach ab ea Ó Súilleabháin, duine a d'éirigh leis daoine a thabhairt leis chomh maith lena bhua sa cheol a roinnt go fial ach go háirithe le daoine óga. 

Dúirt Dr. Catherine Foley gur múinteoir iontach a bhí in Mícheál toisc go raibh an oiread paisin aige don ábhar chomh maith le tuiscint ar meon na ndaoine óga i leith an cheoil. D'athraigh Ó Súilleabháin cathair Luimnigh agus mheall sé ceoltóirí agus rinceoirí i dtreo na cathrach, a dúirt an Dr Orfhlaith Ní Bhriain. Ní hamháin sin ach deir Peadar Ó Riada gur 'ar ghuaillibh Mícheál ó Súilleabháin a tógadh Ollscoil Luimnigh'. 


Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00, Luan go hAoine.