Tá tú ag saothrú i ngort na Gaeilge le roinnt blianta anuas, Ciara, mar fhile agus mar scríbhneoir (agus go leor eile!)- cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi? Bhfuil aon ní ar mhaith leat a athrú faoi?
Taitníonn sé liom go mbraithim mar chuid de phobal. Tá sé sin speisialta agus an-luachmhar, agus táim fíor-bhuíoch as é a bheith mar chuid de mo shaol. Maidir le rudaí a athrú, ba bhreá liom go dtuigfeadh níos mó daoine taobh amuigh de phobal na Gaeilge cé chomh iontach is atá sé! Sin an fáth gur thosaigh mé ag cruthú na físeáin What the Focal!? ar YouTube.
'Bhfuil duine faoi leith a spreagann tú i mbun pinn?
Táim spreagtha ag ealaíontóirí de gach cineál! Freastlaím ar cheolchoirmeacha, dhrámaí, agus thaispeántais de chineálacha éagsúla go minic agus níl aon rud níos fearr ná píosa maith ealaíne le daoine a chur ag smaoineamh, agus mar sin iad a spreagadh. An príomhrud domsa agus mé ag dul i mun pinn ná muinín! Tá neart le rá agam, ach in amantaí níl an misneach agam mo bhéal a oscailt. Téann na healaíontóirí is fearr sa seans, glacann siad rioscaí, agus meabhraíonn siad dom gur gá dom amhlaidh a dhéanamh.
D'éirigh thar cionn le do dhán Phenomenal Woman, an dóigh leat go bhfuil feidhm faoi leith ag filíocht in athrú sóisialta (i. feimineachas, aird a tharraingt ar mhíchothromaíocht trí chéile?)
Hmm níl a fhios agam an bhfuil mé acadúil go leor leis an gceist mhór sin a fhreagairt! Maidir leis an ndán sin, ceapaim gur éirigh go maith leis toisc gur léiriú é ar athrú sóisialta atá ag tarlúint agus atá ag teastáil ón mórchuid an phobail. Scríobh mé é do chluiche ceannais Pheil na mBan agus deirtear liom gurbh é an cluiche sin an cluiche spóirt na mban is mó freastal riamh ar domhan!
Cad atá romhat amach? An bhfuil fonn ort triail a bhaint as foirmlí eile scríbhneoireachta?
Ba bhreá liom bailiúchán dánta a chur amach agus táim ag féachaint anois ar an mbealach is fearr len é sin a dhéanamh. Taobh amuigh de sin tá cúpla rud éagsúil ar siúl agam, agus tá mo chroí agus anam istigh i ngach ceann acu! Táim ag obair ar dhráma; ag cur togra físdánta le chéile i gcomhar le Áras Scríbhneoirí na hÉireann; agus ag déanamh píosa láithreoireachta teilifíse freisin.
Le vóta a chaitheamh ar son Chiara- tá gach eolas anseo