Gach seachtain, tugann Muireann Nic Amhlaoibh réamhbhlaiseadh dá lucht éisteachta óna clár Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. An tseachtain seo, tá sí ag súil le córcheol chomh maith le filleadh ar a hóige!
Ar chlár na seachtaine seo, beidh meascán agam de cheol na tíre seo agus thar lear, mar is gnáth. Tá cúpla rian agam de córanna domhanda mar go bhfuil spéis ar leith agam fhéin i gcórcheol agus na slite difriúla gur féidir an guth a úsáid.
Seo amhrán ó cheann de na córanna is ansa liom, Cór Ban Philip Kutev ón mBulgáir. Blianta fada ó shoin, bhí deis agam taisteal go dtí an mBulgáir leis an sraith Ceolchuairt agus canadh leis na daoine uaisle deo. Ceann de bhuaichphointí mo shaoil mar cheoltóir.
Seo dream ó thír eile, Seoirse, go bhfuil cáil ar a gcuid amhránaíochta ilfónach. Sa chlár is Cór Fear a bheidh á sheimint agam ach theastaigh uaim an físeán beag seo a roinnt daoibh dos na cailíní seo. Tá cúpla amhrán thuas ar YouTube acu a thaifeadar fhéinigh (is dóigh liom ar a bhfón) agus is breá lem chroí iad.
Agus gan dabht, beidh neart dár gceol fhéinigh arís againn chomh maith. Beidh rian agam ó cheann des na halbaim is mó a d’imigh i bfeidhm orm agus mé ag fás aníos, is a théann fós. Beirt laochra ceoil Séamus Ó Beaglaoích ó Bhaile na bPoc, Ciarraí ar an mbosca ceoil agus Steve Cooney na hAstráile, fear a chruthaigh stíl nua thionlacan don gceol gaelach agus go bhfuil daoine ag déanamh aithris air ó shoin i leith.
Seo iad ag an Oireachtas i 1994, cé gur sa Droichead Beag sa Daingean is mó is cuimhin liom iad. Bhíodar ar nós rockstars, bhímis ag dul fíáin dóibh. B’shin roimis laethanta na smartphones agus is beag físeáin atá ar fáil, b’fhéidir gurbh fhearr mar sin é!
Mar sin, más suim libh an méid atá luaite thuas agam, bígí liom dé Sathairn beag seo ar Radio na Gaeltachta ag a 7.30pm.