skip to main content

Cad is brí le Diamhaslú?

Labhair Seán Ó Conaill, léachtóir le dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh le Gormfhlaith Ní Thuairisc ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin reifreann a reachtálfar Dé hAoine, 26 Deireadh Fómhair faoi Dhiamhaslú. 

Deir Seán gur cuid den bhunreacht a dhéantar 'neamhaird d'aon ghnó air' i gcomparáid le cuideanna eile den bhunreacht. 'Tá cuma simplí air', cé go bhfuil impleachtaí níos casta maidir le cúrsaí dlí ag baint leis. 

Deir sé go bhfuil daoine áirithe den tuairm go dtugann bunreacht na hÉireann léargas dúinn ar shaol na hÉireann mar a bhí nuair a cuireadh le chéile é ach go bhfuil an tuairim ann anois nár cheart go mbeadh ceist faoi Dhiamhaslú sa bhunreacht a thuilleadh.

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 08:00 - 09:00 Luan - Aoine.