Gach seachtain, tugann Muireann Nic Amhlaoibh blaiseadh dá rogha ceoil dúinn roimh a clár ceoil, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Seo an tarna clár sa tsraith agus tá áthas orm a fhógairt go mbeidh agallamh agus seisiún beo agam daoibh. Tá an veidhleadóir Jeremy Spencer ag seoladh a CD aonarach dá phíosaí ceoil fhéínig darbh ainm dó "The Lion’s Head". Tháinig sé fhéín agus an seinnteoir giotáir Donogh Hennessy isteach chugainn chun cúpla rian ón albam a sheimint dúinn agus chun labhairt fé a aistear ceoil.
Seo Jeremy ag seimint le Seán Ó Laoithe ar Fleadh TV cúpla mí ó shin.
Anuas ar sin beidh rogha agam ó thriúr ban a bheidh ag seimint ag Féile Cheoil na nDaoine sa Daingean ag deireadh na míosa. Seo duine acu, Síomha ó chontae ann Chláir, amhránaí, cumadóir, agus ceoltóir ildánach. Seo físeán álainn a thaifead sí beo sa Bhoireann dá hamhrán Spéir Rua sna Iúil.
Beidh Siomha, Emma Langford, Bernie Pháid agus Ríona ar fad le clos i Séipéal Naomh Sheamuis ar an 27ú Deireadh Fómhair. Gach eolas anseo www.folkfest.ie
Mar a luas ag tosach na sraithe, beidh cúpla seoid ó i bhfad i gcéin agam anseo is ansiúd. Seo grúpa lena mbuailfinn go minic agus mé ag seimint ag Féilte Cheoil timpeall an domhain. Is as Quebec, Ceanada dóibh. Le Vent du Nord is ainm dóibh, nó An Ghaoth Aduaidh as Gaelainn. Canann siad i bhfraincís Cheanada agus úsáideann siad a gcosa chun rithim a chuir leis na poirt is na hamhráin.
Beidh clár Malairt Poirt na seachtaine seo á chraoladh ag a 7.30in de bharr chursaí spóirt. Beidh sé thar n-ais ag an gnáth am, 7pm, ina dhiaidh san.