Labhair Julie Jay agus Aideen Mc Queen, beirt bhan grinn faoina dtaithí ina dtionscadal le Bláthnaid Ní Chofaigh ar Bhláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta; pléadh an dul chun cinn atá déanta acu le déanaí agus a bhfuil le baint amach go fóill.

Deir an bheirt, Aideen agus Julie go bhfuil 'dul chun cinn' déanta maidir leis na hábhair a phléann mná agus iad ar an ardán. Deir siad go mbíodh an nós ann ag mná a bheith dian orthu féin mar go mbíodh an lucht féachana ag súil lena leithéid ach go bhfuil an nós sin imithe nach mór.

Fós féin, 'níl daoine i dtaithí' ar mhná a fheiceáil i mbun grinn a deir Julie agus tagann daoine, mná ach go háirithe chucu i ndiaidh dóibh a bheith ar an stáitse agus ionadh orthu gur bhain siad gáire astu mar nach raibh siad ag súil le mórán uathu. Tá an chosúlacht air nach dtuigtear gur ag déanamh beag is fiú do na mná atá siad, a deir Julie agus Aideen.

Luann Julie go bhfuil brú ar mhná a bheith 'píosa beag níos fearr ná an fear atá ag seasamh in aice leo' mar, má tá droch-oíche ag fear, ní thugtar mórán airde air ach má tá droch oíche ag bean atá i mbun grinn go n-úsáidtear é mar 'chruthúnas' nach bhfuil mná greannmhar. 

Labhair siad freisin faoin gcomhairle a fuair siad gan a bheith ag gléasadh i ngúnaí nó a mhacasamhail mar go bhfuil siad den tuairim go bhfuil sé níos deacra an lucht féachana a thabhairt leat. Ag labhairt ar an nós a bhíonn ag an lucht féachana a bheith ag trasnaíl orthu siúd a bhíonn ar an stáitse, deir an bheirt bhan nach bhfuil an tsaoirse chéanna acu agus atá ag fir a bheith gonta nó borb mar go bhfuiltear fós ag súil le mná a bheith 'deas'.

Craoltar Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 10.30 agus meánlae gach Satharn.