skip to main content

Rialacha Órga: 3 bhunchéim le cliaint a mhealladh

Tá trí bhunchéim dúshraithiúil i gceist le cliaint a tharraingt chugat agus tús a chur le saothrú an airgid duit féin i do ghnó.  

De ghnáth déantar neamairt sna gnéithe seo de fheidhmiú an ghnó agus muid ar lorg rud éigin suntasach chun borradh mór a chur faoinár ngnó.  Sa deireadh thiar thall tuigtear nach bhfuil teacht ar an rud suntasach seo.

Seo hiad i mo thuairim féin cuid dena céimeanna bunúsacha atá ag teastáil chun airgead fiúntach a tharraingt ar do ghnó: an FÁTH, an CÉARD agus an CONAS.

Tosaímid leis an ‘Fáth’, cén fáth a bhfuil tú i mbun ghnó?

B’fhéidir nach mbíonn a dhath chomh mór i do shaol agus a chuirfidh oiread strus agus frustachas ort le gnó a chur ar bun agus an gnó sin a choinneáil slán.

Mar sin, caithfidh tú a bheith cinnte go bhfuil an sprioc – an fáth – ar a bhunaigh tú an gnó ar do shúil ar fad agat.  Ní raibh sé de sprioc ag a lán againn go mbeadh an gnó mar áis chun bille a ioc agus a bheith beo ar éigin!

Ní bheidh seo mar chúis ionspráide againn chun forbairt a dhéanamh ar ár ngnó.  Caithfear cúis spreagúil a bheith mar sprioc againn, m.sh: teach ar do mhian, laethanta saoire, taisteal le do ghnó, srl.

Nuair amháin atá sin soiléir inár n-intinn, caithfear a bheith tiomanta agus dírithe ar an sprioc sin agus meastachán a dhéanamh ar chostais na sprioc sin agus plean a chur i gcrích chun sin a bhaint amach.

Cuma mhaith?

Nuair atá an sprioc sin bainte amach againn is féidir sprioc eile a chur suas agus anois leis an táithí atá againn sin a aimsiú chomh maith agus ansin an chéad cheann eile, srl.  Sin an mórbhuntáiste atá leis an chéim seo a ghlacadh. Níl teorainn ar bith ach na teorainn a chuireann muid féin suas.

Thrácht teagascóir de mo chuid uair amháin liom "ní éireodh do ghnó ach chomh mór le do shaol féin".  Mar sin samhlaidh do shaol a bheith mór agus cuir fás faoi do ghnó agus beidh toradh mór le féiceáil nuair atá an obair curtha isteach agat ann!

Ar an mhí seo chugainn amharcfaidh muid ar an ‘Céard’.

Cuidíonn Moira Ní Ghallchóir, bean as Dún na nGall, le lucht ghnó spreagadh i dtreo díolacháin, ratha sola agus saoirse.  Bhí an scéal faoina teacht i mbláth rathúil éachtach faoi thrácht san: Irish Independent Business Supplement agus ar chlár Marian Finucane ar RTÉ.  Údar fhoilsithe í sa leabhar: Remarkable Women: Overcoming Mediocrity a bhí go hoifigiúil ag #1 ar an leabhar ab fhearr díolta ag Amazon.  Sa bhliain 2006, ainmníodh Moira don: Image Business Woman of the Year Award, Start Up Category.