Beidh an chéad chlár de Malairt Poirt le Muireann ar Raidió na Gaeltachta óna 7-9in Dé Sathairn beag seo agus tugann sí spléachadh eisiach den cheol a bheidh le cloisteáil uaithi!

Leagan aoibhinn de dhán Máirtín Ó Dhireán curtha go ceol ag an lánúin ceolmhar Zoe Conway agus John McIntyre. Tá an rian ar an gclár radio agam níos speisialta fós mar go bhfuil Julie Fowlis na hAlban agus Éamon Doorley ina dteannta agus tagann seo ó eisiúint nua leo ar a dtugtar Allt.

Beidh ceol á sheimint agam ó thíortha eile chomh maith, ceol atá cloiste agam thar na mblianta agus mé ag taisteal lem’ chuid ceoil fhéínig. Is breá liom, go háirithe, amhránaíocht thraidisiúnta chultúir difriúla, mar shampa na leadanna seo ón tSáirdín. Teneroes di Bitti is ainm dóibh ach tá morán grúpa mar iad le chlos ar an oileán. I gcónaí, bíonn ceathrar sa ghrúpa, le duine amháin mar an príomhamhránaí agus na hamhránaithe eile ag tabhairt tionnlachan  hiopnóiseach dó.

Agus, gan dabht, ní bheidh ár gceol dtraidisiúnta fhéinig fágaithe ar lár. Idir eisiúintí nua agus na "classics" beidh cluais á dtabhairt dár gceol fhéin agam i gcónaí chomh maith. Fé láthair, táim ag baint ana thaitneamh as Na High Seas, Caitlín Nic Gabhann, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Ó Curráin ó Dhún na nGall. Tá ardú chroí le fáil ina gcuid seimint. Seo rian bríomhair óna n-albam nua.

Níl ansan an blaiseadh don méid a bheidh á sheimint agam daoibh. Tagaíg liom ar aistear ceoil agus caithíg daoíbh stros na seachtaine!

Craoltar Malairt Poirt le Muireann Oíche Shathairn idir 7 agus 9 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.