Labhrann Edel Ní Loibhéad le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas, RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir leis na nithe a dhéanann sí chun sásamh níos mó a bhaint as a saol.
Deir Edel go bhfuil iarracht á dhéanamh aici níos mó ama a thabhairt di féin le tamaill anuas agus go bhfuil gearrtha siar aici ar an méid ama a chaitheann sí os comhair na teilifíse agus nósanna eile atá níos sláintiúla á dtabhairt isteach ina saol aici.
Luann sí an cócaireacht agus éisteacht le ceol, triail a bhaint as rud éigin nua chun d'aigne a dhíriú ar rudaí eile chomh maith le dialann a choinneáil go laethúil le 'slán a fhágáil' leis an lá atá imithe tharat.
Deir Edel go raibh sí ag rang íóga le déanaí agus go gcaithfeá 'dearúd a dhéanamh ort féin' mar go raibh a haigne ag smaoineamh faoi na gluaiseachtaí a bhí le déanamh aici.
Idir sin agus na fuinneoga agus 'net curtains' a ghlanadh chun tú féin a shásamh, is fiú go mór éisteacht lena comhairle!
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 ón Luan go hAoine