Craoladh clár speisialta in ómós Emma Mhic Mhathúna ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cuireadh síos uirthi mar 'shaighdiúir mna' a throid ar son na mban a d'fhulaing mar gheall ar scannal Cervical Check.

Chuir Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas síos ar Emma mar 'ógbhean, álainn' a bhí ag cur fuithí i mBaile na nGall, i gcroílár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. 'Saighdiúir ban' a bhaist Ní Shé ar Emma a mhúscail fearg i mná na tíre agus a thug daoine le chéile.

Labhair comharsana faoin spiorad, faoin misneach agus faoin anam a thug Emma don cheantar fad agus a mhair sí san áit. Dúradh go raibh grá thar na bearta ag Emma dá cúigear leanaí agus go ndéanfadh sí rud ar bith ar a son. Baineadh siar dá comharsana go raibh Emma imithe ar shlí na fírinne mar go raibh an oiread fuinnimh aici, rud a bhí 'aici ó thalamh', mar a deir Helen.

Emma Mhic Mhathúna i gCorca Dhuibhne

Deir Helen Ní Shé go raibh tuiscint faoi leith ag Emma as a cumhacht agus as a teacht i láthair féin agus go ndearna sí cinneadh coinsiasach an gúna dearg a chaitheamh agus í san Ardchúirt. Luaigh sí le Helen go raibh sí ag déanamh 'seasamh láidir' di féin agus gur cheart do mhná eile spreagadh a thógáil uaithi féin agus leithéidí Vicky Phelan.

Cuirfear Emma Mhic Mhathúna Dé Céadaoin i Maigh Nuad i ndiaidh aifreann i mBaile na nGall Dé Máirt agus i mBaile Átha Cliath, maidin Chéadaoin.

Craoltar An Saol Ó Dheas idir Luan go hAoine ón 12.08-1.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta