Labhair Liam Ó Maonlaí le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir le Footsbarn Theatre atá ar cuairt ar Bhaile na bPoc, Corca Dhuibhne agus faoina cheangail leis an gceantar Gaeltachta.

Deir Ó Maonlaí go raibh oíche dhraíochtúil ann idir cheol agus chomhluadar sa phuball mór atá suite ar thaobh chnoic thiar ón Daingean, i gceartlár na Gaeltachta. Bhailigh muintir na háite le chéile le cuairteoirí le ceol agus cleachtadh a bheith acu i dteannta Shéamus agus Bhreanndán Uí Bheaglaoích a roinn seanchas a bhain leis an áit lena raibh i láthair.

Tá ceangail seanbhunaithe ag an amhránaí leis an áit mar gur thit a athair i ngrá leis nuair a bhí sé 'ina gharsúin' agus go bhfuil an teach a cheannaigh sé fós in úsáid ag an teaghlach. Sa cheantar sin a chur athair Liam 'aithne air féin' agus tá Liam den tuairim go ndearna seisean amhlaidh.

 

Tá go leor taistil á dhéanamh ag grúpa ceoil Uí Mhaonlaí, The Hothouse Flowers i láthair na huaire i ndiaidh sos a thógáil  nuair a cailleadh athair Liam. Deir sé nach raibh sé ag iarraidh a bheith in aon áit nach raibh a chroí ann le linn na tréimhse sin. 

"Bhraitheas uaim na séasúirí, bhraitheas uaim lá i ndiaidh lae."

Deir Liam go bhfuil sé 'chomh buíoch' go bhfuil an saol á chaitheamh aige leis an gceol. 'Míorúilt is ea ceol, domsa.

"Tá uafás ar fud an domhain agus sin é an nuacht, uafás agus cur i gcéill ach fós tá iontais ar fud an domhain agus tagann sin tríd an gceol, domsa."

Craoltar An Saol Ó Dheas idir 12.08-1.00 Luan go hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta