Beidh Rónán Beo @3 ar ais ar an aer gach Déardaoin agus Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Where else would a trailer of turf be the prize of the day?
Agus tá neart ceol le bheith ar an chlár ó thuaidh i nDún na nGall agus cláir iontacha eagraithe le tús a chur leis an séasúr agus duaiseanna iontacha acu fosta.
An tseachtain seo, beidh Kneecap, Vigilanti agus ceol 2018 le cloisteáil.Beidh Nora agus Jade atá le cloisteáil ar Ceol 2018 ag caint le Rónán maidir leis an Albam agus faoin méid atá ar bun acu féin agus Sibéal Ní Chasaside beo ar an chlár fosta atá le clois ar Ceol 2018 chomh maith. Beidh Rónán ag caint le Gael i gCéin i Santa Cruz, California. Beidh mír na gcumann Gaelacha le clois, Hugh Mac Giolla Chearra, Reachtaire UCD, aoí na seachtaine seo. Beidh agallamh le Iarla Ó Lionáird inniu agus ceol le Mundy ar an Aoine. Beidh Moya Ní Bhraonáin as Clannad sa stiuideó i nDún na nGall i gcuideachta Mundy le ceol beo.
Ansin, Déardaoin seo chugainn beidh Altan beo sa stiuideó ar Rónán Beo @3 agus an banna ar camchuairt Slí an Atlantaigh Fhiáin.
As seo go Nollaig beidh deis ag na héisteoirí an fiche amhrán comhaimseartha Gaeilge is fearr leo a roghnú a cuireadh amach ar cheirnín, caiséad nó go digiteach ó bunaíodh RnaG i 1972. Beidh duais mór na Nollag le bronnadh ar éisteoir amháin as gach duine a chuireann isteach a rogha.
Duaiseanna na seachtaine seo ar an chlár ‘ tá 3 dhlúthdhiosca de Cheol 2018 le bronnadh agus ansin duais mór na seachtaine. Leantóir iomlán mónadh. Rachaidh tarracóir le leantoír mónadh chuig do theach le tú a choinneáil te teolaí don Fhómhair agus an Gheimhreadh.
Bí ag éisteacht le Rónán Beo @3 gach Déardaoin agus Aoine @RTÉ RnaG