skip to main content

Inniu a gheobhaidh 350k dalta scoile Ceol 2018!

Mar cheiliúradh ar Bhliain na Gaeilge a cuireadh Ceol 2018 le chéile, albam iomlán de cheol comhaimseartha aistrithe go Gaeilge. Ó Wheatus go Sibéal Ní Chasaide, tá éacht bainte amach ag Eoghan Mc Dermott agus Conradh na Gaeilge!

Ag caint ar chlár Mharian Finucane ar an albam a chur le chéile, deir sé gur fhorbair an grá atá aige don Ghaeilge as taithí Gaeltachta 'having an experience of Irish outside of the classroom, living it outside of a structured environment'.

'I've never met any kid who went to the Gaeltacht and left hating the language'

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Tá 16 traic ann le ceoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta agus intro speisialta ann ó Macklemore agus Saoirse Ronan, áit a gcuireann sí síos ar an ngrá domhain atá aici don Ghaeilge.