Labhair muid le Tristan Rosenstock, léiritheoir Beannaithe, dráma nua-scríofa ag Biddy Jenkinson atá 'dána, dúshlánach' agus ag freagairt d'Éire na linne seo.

Dúirt Rosenstock go bhfuil an fhoireann beagáinín néirbhíseach faoin nglacadh a bheidh ag an bpobal leis an dráma nua-scríofa toisc go dtéann sé i ngleic le ceisteanna móra ár linne, ról na hEaglaise Caitlicí in Éirinn. Tá an léiritheoir den tuairim gur cheart go mbeadh imní ar gach foireann roimh oíche oscailte.

Dóibh siúd a bheadh 'ábhairín coimeádach', deir Tristan go mbainfear preab astu ach nach bhfuil iomlán nua ann ach go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na healaíona ag freagairt do cheisteanna comhaimseartha mar atá déanta ag leithéidí Tom Murphy agus Brian Friel.

Léireofar Beannaithe in Amharclann Smock Alley, 25 – 29 Meán Fómhair ag 8pm. Is féidir leat ticéad a chur in áirithe anseo.