skip to main content

25 bliain ar an aer á cheiliúradh ag Raidió na Life inniu!

25 bliain ar an aer á cheiliúradh ag Raidió na Life inniu!
25 bliain ar an aer á cheiliúradh ag Raidió na Life inniu!

Scríobhann Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life faoina bhfuil bainte amach ag an stáisiún le ceathrú céid! 

Tá ceiliúradh mór ar bun i Raidió na Life inniu – ar chothrom an lae gur thosaigh stáisiún raidió lán-Ghaeilge Bhaile Átha Cliath ag craoladh go lánaimseartha, ar an 25ú Meán Fómhair 1993!

Beidh lá mór ceiliúrtha ag Raidió na Life inniu, Dé Máirt 25ú Meán Fómhair, le clársceideal speisialta lán de spórt is spraoi agus muid ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le seanchairde, ag ceiliúradh na n-éachtanna craolacháin atá bainte amach ag an stáisiún le cúig bliana is fiche anuas, agus ag oscailt ár stiúideonna úrnua don phobal is ag ceiliúradh ré nua i scéal ‘Chuisle na Cathrach’. 

Ag craoladh ar mhinicíocht ‘102 Beo’ ar an mbanda FM nuair a thosaigh sé ag craoladh i 1993, ba é Raidió na Life an chéad stáisiún raidió eile lán-Ghaeilge a bunaíodh i ndiaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí ar an t-aon seirbhís raidió Gaeilge a bhí ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar feadh breis agus scór bliain roimhe sin. Mar stáisiún pobail comhleasa, ba é Raidió na Life an chéad stáisiún raidió pobail in Éirinn a fuair ceadúnas craolacháin ón gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách, réamhtheachtaí ar Údarás Craolacháin na hÉireann, chomh maith. 

Sinéad Crowley, comhfhreagraí ealaíne agus meán RTÉ ag filleadh ar Raidió na Life
Sinéad Crowley, comhfhreagraí ealaíne agus meán RTÉ ag filleadh ar Raidió na Life

Ón uair gur thosaigh sé ag craoladh i 1993, ghin an stáisiún agus a chraoltóirí clú dóibh féin go tapaidh mar stáisiún a bhí ceannródaíoch i réimse an chultúir óige, agus go háirithe cultúr óige na Gaeilge. Bhí faobhar uirbeach ag baint le stíl chraolacháin an stáisiúin a d’fhág gur sheas sé amach go mór ag an am, ní amháin i dtírdhreach na meán cumarsáide Gaeilge (bheadh breis agus trí bliana eile ann, mar shampla, sular tháinig Teilifís na Gaeilge / TG4 ar an bhfód) ach i dtírdhreach na meán in Éirinn trí chéile. Bhí an stáisiún tapaigh ón tús ag aimsiú is ag leagadh spotsholas ar cheol nua nach gcloisfí in aon áit eile ar na haerthonnta, agus rinne bainistíocht Raidió na Life cinneadh a d’athródh an cur chuige a bhainfeadh le seirbhísí raidió Gaeilge a thiocfadh ina dhiaidh – is é sin, go gceadófaí liricí Béarla a sheinm ar an stáisiún, rud a bhí réabhlóideach ag an am – agus rud a déarfadh daoine eile a mheal daoine nua i dtreo na Gaeilge, bíodh agus go raibh an ceol i mBéarla cuid mhaith. 

Is iomaí craoltóir cáiliúil a chur tús lena ngairmeacha craolacháin le Raidió na Life – go minic mar oibrithe deonacha. I measc na réalta móra a d’oibrigh mar láithreoirí deonacha leis an stáisiún sa chéad bhliain ar aer, tá Sharon Ní Bheoláin, Sinéad Crowley, Comhfhreagraí na nEalaín is na Meán le RTÉ News, Aedín Gormley, láithreoir le RTÉ Lyric FM, Cormac Ó hEadhra, láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió 1, agus mórán eile nach iad. 

Leo Varadkar
An Taoiseach ar cuairt chuig Raidió na Life nuair a osclaíodh oifigí nua Fhoras na Gaeilge

Sa 25 bliain ó shin, tá na mílte craoltóir deonach tar éis clár a chur i láthair ar Raidió na Life nó páirt a ghlacadh sa stáisiún ar shlí amháin nó ar shlí eile. Leanann an stáisiún ag cur ardán ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine de gach aois le taithí chraolacháin a ghnóthú agus le smaointe nua a fhorbairt sa chraolachán Gaeilge tríd na cláir a chuireann siad i láthair ar an stáisiún. Mar stáisiún a fheidhmíonn ar bhonn deonach don chuid is mó, is a bhraitheann go mór ar thacaíocht ón phobal, is iad craoltóirí deonacha Raidió na Life croí agus anam an stáisiúin. 

Beidh lá oscailte ag Raidió na Life óna 12:30 go dtína 20:00 inniu, Dé Máirt 25ú Meán Fómhair, d’éinne gur mian leo bualadh isteach lenár stiúideonna nua ar Shráid Amiens i dTuaisceart na Cathrach a fheiceáil – nó d’éinne go mbeadh fonn orthu labhairt linn faoi chlár a dhéanamh ar an stáisiún nó páirt a ghlacadh ar shlí eile. 

Mar aon leis sin, beidh aíonna éagsúla ó stair 25 bliain Raidió na Life inár dteannta ar chláir speisialta ar an stáisiún i rith an lae agus muid ag caitheamh súil siar ar an gceathrú céid atá caite againn ag craoladh ar fud Bhaile Átha Cliath, ag cur seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge ar fáil do Ghaeil na hardchathrach agus ag cur seirbhís raidió comhaimseartha agus uirbeach ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge go háirithe. Le sceideal speisialta de chláir cheiliúrtha is chomórtha á gcraoladh beo ó stiúideonna úrnua an stáisiúin i Sráid Amiens i dTuaisceart na cathrach, áit ar athlonnaigh RnaL i ndeireadh 2017, tá súil againn ár n-éisteoirí a thabhairt siar ar bhóithrín na smaointe agus tá súil againn an ceiliúradh a thabhairt chucu freisin!