skip to main content

Rialacha Órga: Faigh máistreacht ar aon rud amháin i do ghnó agus oibreodh do ghnó!

Faigh máistreacht ar aon rud amháin i do ghnó agus oibreodh do ghnó!

Is fíor le rá go bhfuil deacrachtaí ag lucht ghnó na céimeanna cearta a ghlacadh chun gnó den scoth a chruthú.  Ceann de na céimeanna is tábhachtaí dar liom ná go gcaithfear díriú isteach ar chúrsaí díolacháin. Gan é ní bheidh cliaint agat agus mar thoradh air sin ní bheidh an gnó in ann brabús nó fiú go leor airgid a shaothrú chun an gnó a choinneáil faoi lán tseoil.

Caithfear tabhairt faoin díolachán go fonnmhar –cé nach fonnmhar atá an obair den mhórchuid - agus dul sa seans in amanna chun teacht ar an mhodh is fearr oibre a fhoireann duit féin.  Caithfear teacht ar do stíl díolacháin féin agus seo a chleachtadh go dtí go bhfuil éifeacht leis, muna ndéanann tú é seo beidh tú gan stiúir i bhfarraigí an éadóchais agus tú i mbun ghnó.

Is fearr amharc go grinn agus cíoradh a dhéanamh ar na lochtanna beaga atá ag cur baic ar an díolachán – bíonn siad seo deacair a aimsiú in amanna - le go mbeadh teacht agat ar an chomhsheasmhacht atá ag teastáil ar do ghnó a bheith inmharthana.

Chuaigh go leor daoine i mbun ghnó de thairbhe gur bhain siad sult as an obair a bhí idir láimhe acu, ach rud eile ar fad atá ann nuair a chaithfidh tú an obair sin a dhíol le duine eile.  Táimid foirfe ag an obair mar go bhfuil uaireanta fada déanta againn ag plé leis agus de thairbhe sin tá an-taithí againn anois air.  Ach, níl mar an gcéanna le cúrsaí díolacháin agus ní fhéadfadh linn anois a bheith maith ag an chineál seo oibre – atá nua againn - gan am agus saothar a chur isteach ann.  Bhí fís ghnó againn ar tús agus tá an díolachán tábhachtach chun na físe sin a fhíorú.

Déan cinneadh inniu go ndíreofar aird ar an díolachán ó seo go dtí deireadh na bliana agus feicfidh sibh athrú nach beag- geallaim díbh.

Sin go díreach an rud a rinne mise agus go dtí seo tá 250k saothraithe ag mo ghnó agus tá sé de rún agam seo a mhéadú dhá oiread roimh dheireadh na bliana seo.  Ar mhaith libh teacht liom? - lean mé!