skip to main content

Ar an mbóthar le Doireann Ní Ghlacáin

Labhair Máirtín Tom Sheáinín le Doireann Ní Ghlacáin, ceoltóir as Baile Átha Cliath faoina hoidhreacht ceoil, Gaeilge agus faoina cuid taighde ar amhránaíocht i nGaeilge.

'True blue' is ea Doireann a d'fhás aníos i gCluain Tarbh, Co Átha Cliath. Is as Corcaigh a máthair, Sorcha Ní Riada agus as an ardchathair a hathair, Kevin ach a bhfuil Tír Chonaill san fhuil aige. 

Tagraíonn Doireann don cheol agus an Ghaeilge atá lárnach ina saol agus don PhD atá ar bun aici bunaithe ar amhráin Ghaeilge agus an léargas a thugann sin dúinn ar ár sinsear, a deir sí. 

Labhair Ní Ghlacáin faoina hoidhreacht Chorcaíoch agus an bhaint atá aici le coistí áitiúla agus féilte ceoil i nGaeltacht Chorcaí. Cé gur tógadh i mBaile Átha Cliath Doireann, blas Muimhneach atá ar cuid Gaeilge agus deir sí go mbíodh sé de nós aici a canúint a athrú go dtí go ndúirt colcheathrar léi go raibh sé de cheart aici a bheith bródúil as an oidhreacht sin, seachas é a ruaigeadh óna cuid cainte.

Idir cogadh na gcarad agus ról na nGardaí ina teaghlach, tá scéalta go leor ag Doireann do Mháirtín!