skip to main content

Lomax in Éirinn: Renaissance Man

An deireadh seachtaine seo san IFI, taispeánfar Lomax in Éirinn- insíonn Pól Brennan ón ngrúpa ceoil Clannad scéal Alan Lomax agus an rian a d'fhág sé ar cheol na hÉireann.

Mhínigh an láithreoir, Pól Brennan ón ghrúpa Clannad, cad chuige a raibh sé féin sásta páirt a ghlacadh sa chlár Lomax in Éirinn:

Tá suim mhór agam i dturas Alan siocair go ndeachaigh sé i bhfeidhm ormsa go pearsanta. Ba í Cití Ní Ghallchóir duine de na hamhránaithe a ndearna sé taifead orthu i 1951 agus ba chomharsa liomsa í sa bhaile agus mé ag fás aníos i nGaoth Dobhair i nDún na nGall. Chuir mo sheanathair, Aodh Ó Dúgáin, Gaeilge ar cheann de na hamhráin a thaifead Alan ó Chití."

I measc iad atá pairteach sa scannán atá Steve Earle, Iarla Ó Lionáird, Nell Ní Chroinín agus John Spillane.

Dúirt Iarla O’Lionáird: "Saghas ‘renaissance man’ is ea Alan Lomax. Ceapaim ceann de na caractairí is tabhachtaí sa fichú haois."

Fiche bliain i ndiaidh go ndearna Alan Lomax a chuid taifead in Éirinn, bhí na taifid chéanna sin mar inspioráid leis an athbheochan cheoil sna 1970idí ag bannaí mar Planxty, The Bothy Band agus Clannad.

Dá réir Nicholas Carolan ó ITMA, "Tháinig an LP féin amach i 1955. Is ceirnín starúil é seo.  Ba é an chéad fad-ceirnín a rinneadh de cheoil traidisiúnta na hÉireann. Oscáilt súile a bhí ann do go leor duine taobh amuigh d’Éirinn ach go leor duine taobh istigh d’Éirinn leis ar a dtraidisiún ceoil féin."

I Lomax in Éirinn, tá scoth an cheoil as fud fad an domhain le cluinstin, é tógtha as an airchív de thaifid a rinne Alan Lomax. Chomh maith leis sin, déanann ceoltóirí an lae inniu a gcóiriú féin ar cheol a chaomhnaigh Lomax. Ina measc tá Steve Earle, Clannad, Slow Moving Clouds, Banna Céilí na Tulaí agus Nell Ní Chróinín.

Beidh a chéad chraoladh Lomax in Éirinn ar TG4 Dé Domhnaigh 16 Meán Fómhair ag 8.30.

I Lomax in Éirinn, tugann an láithreoir, Pól Brennan ón ghrúpa Clannad, an lucht féachana ar aistear ceoil go háiteanna galánta feadh Dheilt an Mississippi, go cathair Nua-Eabhrac agus go Washington. I stáit dheisceart Mheiriceá, fiosraíonn sé mar a d’fhreagair Lomax do ghairm an cheoil agus é ina dhéagóir nuair a chuir sé eolas den chéad uair ar cheoltóirí amhail Muddy Waters, Leadbelly, Woody Guthrie agus Jelly Roll Morton, ealaíontóirí íocónacha iad uile a raibh a gcuid ceoil mar shíol an rock n roll.

Dúirt John Spillane, "Is é an ceoil a thaifead Alan Lomax i Meirceá, sin síol rock ceoil agus pop ceoil an lae inniú. Murach Lomax, ní bheadh an ceol atá anois againn comh saibhir agus atá, ná baol air. "

Alan Lomax

Is é Aisling Productions a rinne LOMAX IN ÉIRINN faoi choinne TG4 le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann.

Dúirt Declan McGrath, an stiúrthóir:

"Go bunúsach, is staidéar ar an luach atá leis an cheol don chine dhaonna atá in Lomax in Éirinn. Chaith Alan Lomax a shaol i mbun ceolta dearmadta na muintire ar an imeall a thaifeadadh, a chaomhnú agus a chur chun cinn. Sa scannán seo fiosraímid cad é a spreag é leis sin a dhéanamh. Ba mhór an phribhléid domsa plúr na gceoltóirí a chluinstin agus iad ag glacadh an cheoil ar láimh dóibh féin agus ag déanamh léirithe den scoth de, daoine mar Iarla Ó Lionáird, Clannad, Steve Earle, Slow Moving Clouds agus Nell Ní Chróinín. Bhí gach uile dhuine acu ag iarraidh ómós a thabhairt d’oidhreacht Alan Lomax as an oiread a chuir sé le ceol na hÉireann agus le ceol an domhain."

Is é Declan McGrath (Mary McAleese & The Man Who Saved Europe, Tír Eoghain: The Unbreakable Bond agus A Woman’s Place) a léirigh agus a stiúraigh Lomax in Éirinn. Colm Hogan (Klondike agus Murdair Mhám Trasna) an ceamradóir, Dermot Diskin (Love Hate. Peaky Blinders agus Sacred Scripture) an t-eagarthóir agus is é Bob Brennan (Song of Granite) a bhí a mbun cúrsaí fuaime. Is é Felim Mac Dermott (údar Screencraft: Screenwriting) an scríbhneoir.

Tuilleadh eolais faoin scannán anseo