skip to main content

Bonn Óir Seán Ó Riada na fidle

Tá Peadar Ó Riada ag glacadh le hiarratais anois don chomórtas do Bhonn Óir Seán Ó Riada 2018, atá dírithe i mbliana ar an bhfidil. Bronnfar an bonn agus €2500 ar an mbuaiteoir ag an gcraobh, a chraolfar beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i mí Feabhra 2019.

Le cur isteach ar an gcomórtas, ba cheart d’iarrthóirí 5 phíosa ceoil a thaifead, gan tionlacan, agus iad a íoslódáil chuig www.cuireadhchunceoil.ie faoin 28 Meán Fómhair.Déanfaidh na moltóirí na hiarratais a mheas, gan fios a bheith acu cé hiad na hiomaitheoirí, agus roghnóidh siad an 15 iomaitheoir a bheidh ag dul sa chraobh in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh i mí Feabhra.Fógrófar cé hiad an 15 iomaitheoir sin, agus cé hiad na moltóirí, ar Cuireadh chun Ceoil ar RTÉRnaG ar 30 Samhain.

Peadar Ó Riada

Anuraidh, ba é Keelan McGrath, ceoltóir óg as Tiobraid Árann, a thug leis an chraobh, agus tá Craobh Uile Éireann faoi 16 tugtha leis don dara huair ó shin ag Fleadh Cheoil na hÉireann i nDroichead Átha. Is é Darragh Curtin an ceoltóir deireanach ar an bhfidil a thug leis an chraobh sa bhliain 2015. Ba é Con Curtin seanuncail le Darragh, agus bhí tionchar mór aige ar a chuid ceoil.

Bonn Óir Sheán Ó Riada

Beidh cuid de na hiarrachtaí atá istigh ar an gcomórtas le cloisteáil ar an gclár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta sna míonna amach romhainn.Bíonn an clár le cloisteáil gach Aoine ag 7 pm.

Is é seo an naoú bliain den chomórtas i mbliana, agus déantar an uirlis i gceist a mhalartú gach bliain thar tréimhse ceithre bliana – fidil, feadóg mhór, píobaí agus cláirseach, agus bosca ceoil agus consairtín sa bhliain dheireanach. 

Craoltar Cuireadh Chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé hAoine 19.00- 21.00