skip to main content

Spórt, Ceol agus Scéalta Daonna: #Fómhar18 ar TG4

Spórt, cláracha faisnéise agus an ceol i gcroílár sceideal an Fhómhair ar TG4. Fillfidh Underdogs, Glór Tíre agus Turas Bóthair agus beidh cláracha nua ar nós Finné agus Tabú chun an 'súil eile' a chinntiú!

Tá buairt & briseadh croí sna cláir láidre faisnéise ‘Finné’ & ‘Tabú’, á gcur i láthair ag an iriseoir aitheanta Orla O’Donnell agus an réalta raidió Eoghan McDermott araon. Pléifidh na cláir le hábhar conspóideach a bhaineann le cearta a bheith á sárú agus mórcheisteanna i sochaí na linne. 

Filleann Hector le sraith taistil a thugann Ó Siberia go Saigon é agus mar is dual d'fhear na hUaimhe, tá craic den scoth aige le muintir na háite 

 

 Is iad na peileadóirí Valerie Mulcahy, Paul Galvin agus Ray Silke atá i mbun Underdogs atá ar ais ar scaileáin na tíre i ndiaidh 10 mbliana de bhriseadh!

Paul Galvin- duine de na Underdogs nua

Níl ansin ach blaiseadh- le gach eolas a fháil faoi #Fomhar18 ar TG4, lean ar Twitter, Facebook agus Instagram iad