Labhair Muireann Nic Amhlaoibh agus Síle Denvir le Sinéad Ní Uallacháin ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcoirmcheoil Rising Tides a bheidh ar siúl san Ardchathair an deireadh seachtaine seo chugainn.
Bhí idir cheol agus chaint ag an mbeirt faoi Fair Plé, gluaiseacht a bhfuil baint ag an mbeirt cheoltóirí leis atá ag tabhairt aghaidh ar chomhionannas inscne sa cheol traidisiúnta.
Luaigh Síle gur bunaíodh Fair Plé le haird a dhíriú ar ról na mban laistigh de shaol an cheoil traidisiúnta agus le spreagadh a thabhairt do mhná atá ag smaoineamh faoin gceol mar ghairm beatha. Mhínigh Síle gur roghnaíodh 'plé' mar chuid den teideal mar gur comhrá atá ann. D'fhorbair an feachtas agus tá cruinnuithe, painéil chainte agus plé go leor déanta ar spás do mhná sa saol ceoil.
@MuireannNic agus Síle Denvir le Cois Abhann na Séad, iad beo sa stiúideo linn inniu. Físeán iomlán ar leathanach Facebook @RTERnaG pic.twitter.com/xRikwiauHp
— Saol o Dheas RnaG (@saolodheas) August 30, 2018
Labhair Muireann beagán faoina mbeidh le rá aici féin ag an ócáid Rising Tides agus í ag roinnt a cuid taithí mar cheoltóir gairmiúil leis an lucht éisteachta. Deir sí gur mhaith léi 'misneach a mhúscailt' iontu siúd a bheidh os a gcomhair.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir Luan go hAoine idir 12.08-1.00.