Don chéad uair, tá dhá láthair ina mbeidh ceol agus comhluadar Gaeilge lárnach ag Electric Picnic; an puball Gaeilge mar chuid de Mindfield agus Puball Bhliain na Gaeilge sa Chollchoill.
Dá mbeadh muid le rogha a dhéanamh idir gach atá ar fáil duit, seo a roghnóimis!
1. Oíche Aoine, beidh cabaret craiceáilte Rónán Mhic Aodha Bhuí faoi lán tseoil sa Phuball Gaeilge atá i gceantar Mindfield. Bíonn an ceol ilghnéitheach agus lán le fuinnimh, tús iontach leis an deireadh seachtaine!
2. Sa phuball Gaeilge ag am lóin ar an Satharn, beidh Beo ar Éigean, podchraoladh de chuid RTÉ á thaifead beo le haíonna speisialta. Bígí leo ó 1.30 ar aghaidh!
Le scoth an cheoil a chloisteáil, ní fhéadfá Scannal a shárú. Tugann siad ceol comhaimseartha agus stróiceann siad as a chéile a raibh ann go dtí go bhfuil rud as an nua ann. Seo mar a bhí siad ag Féile na Gealaí
Ok @ScannalMusic, bhí an ceart agaibh- tremendous craic @FeilenaGealai ⭐️⭐️⭐️⭐️⭐️ pic.twitter.com/4wr2USm8WO
— Siún Ní Dhuinn (@Siuners) June 18, 2018
Beidh Scannal le feiceáil oíche Shathairn i bPuball Bhliain na Gaeilge ag 10.30
3. D'athraigh saol na nGael nuair a tháinig Kneecap ar an saol. Beidh an triúr is trioblóidí dá bhfuil ann ar an stáitse ag Puball na Gaeilge oíche Shathairn ag 9.15.
4. Má theastaíonn comedown ar an Domhnach, beidh Motherfoclóir, podchraoladh atá fréamhaithe sa Ghaeilge ach a fhiosraíonn i bhfad níos mó ná sin, á thaifead ar stáitse Mindstuff, Ah Hear! Podcast Stage ag 4.15