skip to main content

'Tagann daoine le chéile tríd an teanga'- Linda Ervine

Thug Linda Ervine cuairt ar Chorca Dhuibhne áit ar labhair sí le Helen Ní Shé, ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina haistear leis an nGaeilge mar phrotastúnach as Oirthear Bhéal Feirste.

Ní hamháin Linda a tháinig ar cuairt ach grúpa do dhaoine ó chúlraí éagsúla a bhfuil spéis acu sa teanga. Dúirt an tAthair Tomás Ó Murchú atá lonnaithe i gCorca Dhuibhne gur chuala sé Linda agus a scéal leis an nGaeilge agus go raibh sé spreagtha aici agus a tiomantas. Thug sé cuireadh di agus a cairde sa ghrúpa teacht chun na Gaeltachta le cur lena gcuid foghlama sa Ghaeilge agus ghlac Linda leis an gcuireadh go fonnmhar. 

An mbeidh Acht Teanga ó thuaidh?

Tá spéis ag Linda a thagann ón bpobal Protastúnach sa Sé chontae i logainmneacha, sa teanga agus i gceart teanga ach mar a deir sí le Helen,'ní raibh seans agam an teanga a fhoghlaim' agus í ar scoil mar a bhí ag daoine eile ó chúlraí éagsúla. 

Labhair Gordon Mc Coy a bhí in éindi le Linda faoi na hiarrachtaí Acht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh, rud nach bhfuil tarlaithe i ngeall ar na dúshláin pholaitíochta atá ann faoi láthair, dar leis. 

Deir Linda go bhfuil líon na ndaoine atá ag foghlaim na Gaeilge ag dul i méid gach aon bhliain agus go dtagann siad as 'gach áit' sa chathair agus sa chontae. Maidir le cúrsaí creidimh i gcathair Bhéal Feirste, cé go bhfuil éagsúlachtaí idir an dá phobal go n-oibríonn an teanga mar cheangail nádúrtha eatarthu.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 ón Luan go hAoine.