Labhair fear Chorca Dhuibhne, Dáithí Ó Sé le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir le Rós Thrá Lí atá á chur i láthair aige.

Beo ón dome, agus é ag prapáil don chéad oíche de Rós Thrá Lí a bhí Dáithí Ó Sé nuair a labhair sé faoin gcomórtas a mhaireann dhá oíche ina gcuirfidh sé 18 bean san oíche faoi agallamh. 

Labhair Dáithí faoin eispéaras nach bhfeiceann an lucht féachana sa bhaile agus an obair dhian atá i gceist le rósanna a ullmhú don chomórtas. 

D'iarr Helen air an raibh líon na rósanna a raibh scéal brónach ag teacht chuig an gcomórtas ag dul i méid agus bhí Ó Sé den tuairim go raibh sé tábhachtach 'an mórphictiúr a thabhairt'. Cé go mbeadh saol 'tougháltha' ag cuid de na mná seo a scéalta pearsanta a insint ar an stáitse.

Dhiúltaigh Ó Sé den tuairim go bhfuil 'fhios aige cé aici a mbeidh an bua cé go ndúirt Helen go raibh 'fhios aici ó bheith ag féachaint air anuraidh! Dúirt Dáithí go bhfuil sé de dhualgas air a chinntiú go mbíonn gach rós 'sásta agus socair' ar an stáitse agus le líon na n-iomaitheoirí chomh hard sin, ní beag an éacht í sin!

Beidh Rós Thrá Lí ar siúl anocht ar RTÉ 1 óna hocht, le briseadh don nuacht ar a 9. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 ón Luan go hAoine.