skip to main content

Liosanna, púcaí agus The Burning of Bridget Cleary

Labhair an tOllamh Angela Bourke le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi scéal Bridget Cleary, bean a fuair bás nuair a chur a fear céile trí thine í mar gur síleadh go ndeachaigh sí leis na púcaí.

Deir Helen gur tháinig sí ar scéal Bridget Cleary agus í ag póirseáil ar Dúchas.ie agus go bhfuil an leabhar ar an scéal céanna (The Burning of Bridget Cleary) á léamh aici. Is í An tOllamh Angela Bourke údar an leabhair sin agus mhínigh sí cúlra agus tábhacht na tragóide.

As Tiobráid Árann do Bhridget agus a fear céile, Michael. Bhí siad pósta le seacht mbliana gan aon chlann orthu agus iad ag déanamh go réasúnta maith ó thaobh airgid de. Tá Angela Bourke den tuairim go gcothódh an dá rud sin; easpa páistí agus airgead nach raibh ag mórán ag an am, drochmhuinín astu. 

Meabhraíonn An tOllamh Bourke dúinn gur tharla an t-eachtra seo leathchéad bliain i ndiaidh an Ghorta Mhóir agus go raibh meon na n-Éireannach an-éagsúil ag an am. 'Bhí go leor páistí ag teacht ar an saol agus iad in iomaíocht maidir leis na hacmhainní a bhí timpeall'.

Béaloideas faoi scéal Bhridget Cleary Ó Dhúchas.ie

Nuair a d'éirigh Bridget tinn i ndiaidh di cuairt ar theach a bhí gar do lios De réir tuairiscí, níor éirigh Bridget mórán ón leaba ón uair sin, fiabhras uafásach uirthi ar feadh seachtaine. 

Rinneadh iarracht leigheas a chur ar Bhridget trí luibheanna agus cógas eile ach nuair nár éirigh léi píosa aráin a ithe, rud a deirtí a chiallaigh go raibh an té tógtha ag na púcaí agus go raibh síofra in áit an duine. Dhort fear céile Bhridget íle óna lampa uirthi agus dódh ina beatha í ar a teallach féin, a mhínigh Angela. 

Níor cuireadh éinne chun báis i ngeall ar an eachtra agus deir an t-údar go léiríonn an t-eachtra go leor faoi mhuintir na hÉireann agus faoi staid reatha an domhain, áit a raibh scéalta faoi dhaoine barbartha i dtíortha a bhí á gcóilíniú ag impireachtaí éagsúla.

Is féidir cóip de leabhar Angela Bourke, The Burning of Bridget Cleary a cheannach anseo. 

Craoltar An Saol Ó Dheas idir 12.08 agus 1.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine