Labhair muid le duine de láithreoirí Fleadh TV, Doireann Ní Ghlacáin faoina bhfuil romhainn ag Fleadh Cheoil na hÉireann i nDroichead Átha, áit a mbeidh an ceol áitiúil i gcroílár na féile.

In éindí le Doireann beidh Hector Ó hEochagáin, Ruth Smith agus Aindrias de Staic ar shráideanna beomhara Dhroichead Átha don fhéile cheol traidisiúnta is mó sa tír gach bliain. 

Deir Doireann go bhfuil sí ag súil leis an bhFéile i gcontae Lú mar go bhfuil 'traidisiún láidir ceoil i gceantar Oirialla' fós le brath sa bhaile. 

Luann Doireann tionchar Dhónal O' Connor, fidléir áitiúil, atá ag obair ar an gclár mar chomhordaitheoir ceoil. agus an clár á chur le chéile. 

Hector, duine de chomhláitheoirí Dhoireann.

Mura bhfuil sé ar do chumas a bheith i measc na sluaite i nDroichead Átha, is féidir buaicphointí an cheoil agus an chraic a leanúint ar Twitter, Instagram, Snapchat agus Facebook ach FleadhTV a chuardach.