skip to main content

Rialacha Órga: Déan cibe a ghlacfaidh sé!

An ráiteas amháin seo a chuideoidh leat coinneáil ag dul ar aghaidh go háirithe nuair a éireoidh cúrsaí gnó dian (agus go minic dian go maith).

B’fhéidir go bhfuil tú den bharúil gur obair gan stró a bhí i gceist le mo ghnó a thabhairt ó bheith 10k i bhfiacha a fhad le bheith ceathrú mhillúin (go dtí seo i mbliana) sa dubh ach bheifeá mícheart.

Ba é an ráiteas thuasluaite a choinnigh ar an ród ceart mé nuair a tháinig brú agus stró i mo chosán.

Séard atá san fhiontraíocht ná an dóigh gur féidir leat do shaol a chaitheamh mar dhuine faoi leith ón ghnó éifeachtach atá ar siúil agat.

An fhadbh a fheicim ná nach bhfuil an mhórchuid de lucht ghnó toilteanach i ndairíre an cibé sin a ghlacfaidh sé a dhéanamh chun go mbeidh teacht acu ar chibé atá ag teastáil uatha.  Síleann siad go bhfuil siad a dhéanamh ach níl mar go stadann siad i gcónaí – níl leanúnachas ar bith ag feidhmiú acu. Tiocfaidh siad ar leithscéal éigin gan leanúint ar aghaidh agus fágfaidh siad an locht ar na daoine atá timpeall orthu – cúraimí teaghlaigh, easpa ama, srl.  Comhartha soiléir é seo go bhfuil easpa righnis a chleachtadh acu. Tá siad ag amharc i bhfad chun tosaigh orthu féin agus neamhaird a dhéanamh acu ar na gnéithe tábhachtacha atá ag teastáil san am i láthair chun a ngnó a bhrú chun tosaigh.

Moira Ní Ghallachóir

Tá cuid mhór de lucht ghnó gur fuath leo taobh an díolacháin den ghnó agus dá thairbhe beidh siad ag streachailt leis an ghné den ghnó atá riachtanach ach cnapánach ar feadh tréimhse fada ama.  Mar sin, níl an gnó ach ag maireachtáil agus níl brabús fiúntach a dhéanamh acu agus ar ndóighe ní sin fáth a ndeachaigh siad i mbun ghnó i dtús báire.

Ba mhaith linn tionchar a imirt agus saol ar ár mian a bhaint amach dúinn féin ach mura bhfuil na hacmhainní againn ní bheadh seo indéanta.

De bhrí go bhfuair mise máistreacht ar ghnéithe áirithe a oibríonn i dtaca le gnó de, anois tá mo shaol go díreach mar ab áil liom é.  Tá mo chuid ama a chaitheamh agam ag reáchtáil imeachtaí le mo chuid chliaint idir Nua Eabhrach, Páras agus Londain gan mhoill arís. Tá saoirse agam, saoirse go fíor agus tá ar mo chumas páighe níos fearr a bhronnadh orm féin nach mbeadh gnáth phost ábalta a dhéanamh!

Beir bua!

Moira

Cuidíonn Moira Ní Ghallchóir, bean as Dún na nGall, le lucht ghnó spreagadh i dtreo díolacháin, ratha sola agus saoirse.  Bhí an scéal faoina teacht i mbláth rathúil éachtach faoi thrácht san: Irish Independent Business Supplement agus ar chlár Marian Finucane ar RTÉ.  Údar fhoilsithe í sa leabhar: Remarkable Women: Overcoming Mediocrity a bhí go hoifigiúil ag #1 ar an leabhar ab fhearr díolta ag Amazon.