skip to main content

An mbogfá go ceantar Gaeltachta?

Labhair triúr a bhog as ceantair uirbeacha go ceantair Ghaeltachta le Fachtna Ó Drisceoil ar Phléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina dtaithí agus na moltaí a bheadh acu dóibh siúd atá ag smaoineamh ar a leithéid a dhéanamh.

Is iad Andy Ó Caomhánach, Gearóid Ó Murchú agus Maggie Breen a roinnt a gcomhairle leo siúd atá ag cuimhneamh ar slán a fhágáil leis an gcathair le tabhairt faoin nGaeltacht. Tá an triúr lonnaithe sna trí mhór-Ghaeltachtaí anois, Dún na nGall, i gConamara agus i gCiarraí. 

Bhí an triúr acu ar an aon tuairim gur gá don té a bhogfadh chun na Gaeltachta a bheith páirteach in imeachtaí áitiúla le haithne a chur ar mhuintir na háite. Dúirt Gearóid nár shíl sé gur glacadh leis sa phobal go dtí gur ghlac sé páirt i bPlearáca Chonamara, grúpa drámaíochta áitiúil.

An Cheathrú Rua

Dár le Gearóid, ní hionann pobal na Gaeilge na hArdchathrach agus pobal na Gaeltachta, thiar i gConmara. 'Tóg go réidh é', a deir Gearóid. 'Ní díograiseoirí iad muintir an phobail (sa Ghaeltacht) anseo. Is daoine iad a tógadh le Gaeilge agus téann an Ghaeilge siar ins na teaghlaigh leis na céadta agus na mílte bliain, is dóigh. Caithfidh tú díreach glacadh leis gur gnáthdhaoine iad muintir na Gaeltacht agus go mbeidh tú ag cónaí ina measc.'

'B'fhéidir nach bhfuil sé chomh hidéalach agus a cheapann tú féin go bhfuil'

Deir Andy atá ag cur faoi i nDún na nGall go bhfuil an baol ann dóibh siúd a thagann as ceantar eile nó 'duine as bealach isteach' mar a thugtar orthu i nDún na nGall muintir na háite a mhaslú má thosaíonn tú ag sú isteach nathanna cainte na ndaoine a luaithe agus a bhogann tú ann. Deir sé go bhfu 'ag déanamh aithrise orthu'

'ná déan iarracht a bheith ar cheann de mhuintir na háite thú'

Leag Gearóid agus Andy beirt béim ar RTÉ Raidió na Gaeltacht mar fhoinse a thacaigh leo agus iad ag bogadh chun na Gaeltachta. Bíonn Andy le cloisteáil ar Bharrscéalta mar shaineolaí ríomhaireachta agus deir sé gur chabhraigh sin go mór leis aithne a chur ar dhaoine mar gur 'aithin siad glór sular aithin siad an éadan'. Tá sé den tuairim gur 'glacadh leis mar Ghael' mar gheall ar a bheith ar an aer.

Ag labhairt ar thábhacht eile an stáisiúin, deir Gearóid gur shíl sé go raibh cláracha áitiúla ar nós Iris Aniar, An Saol Ó Dheas agus Barrscéalta luachmhar don té atá ag cur faoi eolas a bheith acu ar a bhfuil ag titim amach timpeall orthu. 

Craoltar Pléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir Luan go hAoine idir 17.05 agus 17.55