Agus mé ag iarraidh teacht ar ábhar le haghaidh an ailt seo, mhol an t-eagarthóir groí dom scríobh ar an saothar ealaíne is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Ós léitheoir cíocrach mé, is ar ealaín na bhfocal (.i. an litríocht) agus ní ar ealaín na péinteála, na hailtireachta, na dealbhóireachta, ná a leithéid a chuimhnigh mé i dtosach báire.
Chuir cíocras mo léitheoireachta drogall orm roimh an ábhar, áfach. Ar an údar go bhfuil tuairim is dhá mhíle leabhar léite agam i gcaitheamh mo shaoil, agus gurb iomaí saothar ealaíne a chuaigh i bhfeidhm orm dá réir, mheas mé mar sin go mba dhoiligh liom an t-aon saothar amháin a roghnú as an líon raidhsiúil sin. Fiú dá mb’fhéidir sin, mheas mé go mba dhoilí i bhfad tuairisc a dhiongbháilte a thabhairt don saothar sa líon focal atá ceadaithe dom. Is contúirteach an t-ábhar é i lámha duine atá chomh tugtha do do bhleadracht, do bhéalastánacht, agus do ghaotaireacht is atá mise!
Mar sin féin, d’éirigh liom sméar mhullaigh an deich mhíle a roghnú. Agus ní haon cheann de na mórshaothair sin a áirítear i measc sheoda liteartha an domhain mhóir é ach oiread. Ní Odáisé Hoiméir ná Coiméide Dhiaga Dainté é. Ní Gargantua Rabelais é ná Quixote Cervantes é. Ní Hamlet Shakespeare na Faust Goethe é. Ní Master and Margarita Mikhail Bulgakov ná The Brothers Karamzov Dostoevsky é. Ní Ulysses Joyce ná À la recherche du temps perdu Proust é. Ní ‘Prufrock’ Eliot ná Cantos Pound é. Ní Cré na Cille Uí Chadhain ná Godot Beckett é. Cé gur bhain chuile cheann acu thuas siar agus geit asam le linn dom a léamh, agus cé go ndearnadar uilig mo chorraíl, ní haon cheann de na clasaicí sin é.
Is é Smuf Alan Titley é. Is é Smuf, úrscéal gairid Gaeilge, úrscéal faoi mhada a dhíbrítear as an teach agus a fhágtar ar thaobh an bhóthair, úrscéal atá dírithe ar ghasúir, an saothar ealaíne is mó a chuaigh i bhfeidhm orm. Glacaim leis go bhfuil míniú dlite duit, a léitheora. Is é Smuf an saothar ealaíne is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa de bharr an chaoi a ndeachaigh sé i bhfeidhm ar dhuine de mo mhic bhaistí, Harrison, nó Harry mar is fearr aithne air. Is é scéal Harry scéal an phíosa seo.
Is gasúr álainn é Harry, gasúr a bhfuil folt breá fionnrua air, a bhfuil loinnir ina dhá shúil ghorma, agus a mbíonn meangadh meanmnach gáire ar a éadan go síoraí seasta. Fearacht gasúr go leor, bíonn sé lán fuinnimh, lán spleodair, lán diabhlaíochta, lán samhlaíochta, lán grinn. Níorbh amhlaidh an scéal dó bliain ó shin, áfach.

Is cosúil go bhfuil uathachas (autism) ar Harry. Is doiligh a leithéid a dheimhniú nuair nach bhfuil gasúr ach ceithre bliana d’aois, ach bhí na comharthaí sóirt le feiceáil ó bhí sé dhá bhliain d’aois. Ba mhall mar a d’fhorbair Harry le linn na mblianta tosaigh sin. Ba ar éigean a bhí caint aige agus é ag druidim le haois na tríú bliana. Agus fiú nuair a tháinig píosa cainte uaidh, b’fhollasach nár thuig sé na focail, ní áirím an abairt, a bhí sé a rá. An t-aon chaint a bhí aige – agus ba gheall go mór le mantaíl í le fírinne – aithris ar chláracaha CBeebies a bhí inti, rud a d’fhág go raibh Béarla na Banríona aige! (Agus tá i gcónaí, bail ó Dhia air!).
Bhí na píosaí aithrise úd ina ndeilíní aige; deireadh sé aríst is aríst eile iad. Fiú nár thuig sé go baileach a bhí sé a rá, ach ba chosúil gur thaitin fuaim agus foghar na bhfocal leis. Agus in am an ghátair, tráth a mbíodh trí chéile air, tráth nach mbíodh sé in ann a chur in iúl, théadh sé i muinín na ndeilíní sin le suaimhneas a thabhairt dó féin. ‘Scripting’ a thugann lucht an oideachais ar a leithéid, de réir mar a thuigim. Dá réir sin uilig, ba mhinic a bhí frustrachas damanta agus trí chéile air an tráth sin, rud a ghoillfeadh ar chroí duine ar bith dá bhfeicfeadh é, mura bhfuil croí circe ag an duine céanna.
Ba bheag ní a chuir suaimhneas air le linn na tréimhse sin freisin, ach amháin an ceol, léaráidí, agus focla. Mar sin féin, bhí cion thar an gcoitiantacht ag Harry ar fhocla. Is airsean a thagadh gliondar nach bhfuil inseacht béil air th’éis dó focal nua a fhoghlaim agus thugadh sé taitneamh dá bheith ag éisteacht le duine ag labhairt focla móra galánta. Agus is amhlaidh an scéal i gcónaí. Toisc a chion ar fhocla agus ar léaráidí, bhínnse (agus bím) ag ceannacht leabhar dó, óir is go mbeadh cur amach aige ar chuma is ar chruth focal. Agus é ag druidim le trí bliana d’aois, thosaigh mé ag léamh dó le súil go gcuideoidh sé lena scileanna cumarsáide. Agus chuidigh. Tháinig biseach ní hamháin ar a chruinneas labhartha ach ar chumas tuisceana nuair a bhíodh duine ag caint leis.
Toisc gur thaitin an scéal agus an t-údar liom, bhain mé triail as Smuf a léamh dó an samhradh seo caite. Thóg sé neart babhtaí orm a léamh ina iomlán dó ach chuaigh an scéal go mór i bhfeidhm air. Le cúnamh na bpictiúr, agus th’éis roinnt iarrachtaí, is de réir a chéile a d’éirigh leis éirim an scéil a thabhairt leis. Agus ní bá thábhachtaí ná sin, rinne radhairc mhothúchánacha an scéil Harry a chorraíl mar ba chuí, ar chéim mhór chun tosaigh ina chuid forbartha é.
Bhí sé sna trithí ag gáirí nuair d’eachtraigh mé dó go raibh Smuf ag ithe na mairteola, na muiceola agus na fiafheola, ar radharc an-spraíúil é sa scéal. Bhí sé trína chéile nuair a thug Síofra, úinéir an mhada, ‘madra salach’ ar Smuf, radharc atá ar an gceann is truacánta amuigh sa scéal.
Ach tharla an rud ba thábhachtaí agus b’iontaí nuair a bhain muidne deireadh an scéil amach. Th’éis móreachtraíochta, déanann Smuf cairdeas le mada eile agus socraíonn siad tabhairt fúthu amuigh sa gcoill, áit a mbeidís slán ó chíor thuathail na cathrach. Go tobann, beireann Smuf cúig choileán áille, agus tuigeann an duine fásta nach amháin gur mada bainneann í Smuf ach an chúis a d’fhág a muintir ar an mbóthar í.
Nuair a thaispéain mé pictiúr deiridh an leabhair do Harry, leag sé punt a mhéire ar an mada a ndeachaigh Smuf go dtí an choill leis agus dúirt sé ‘friend, Smuf’s friend’.
Díreach ina dhiaidh sin, shín sé a mhéar chuig ceann de na coileáin agus dúirt ‘baby, Smuf baby’, agus mar chineál cor scoir dúirt sé ‘Happy happy ever after. Smuf Smuf! Hurray!’. B’in an chéaduair ariamh a thug sé le fios gur thuig sé scéal, agus b’in an chéad uair ariamh adúirt sé "happy ever after".

Ba chor cinniúnach i saol Harry an eachtra seo. Bhí samhradh trioblóideach ag muintir Harry agus ag Harry féin an samhradh úd. Ó léadh an leabhar dó, tháinig biseach mór millteach ar a chaint, biseach a mhaolaigh ar an bhfrustrachas damanta a bhíodh air. B’annamh nach mbíodh an leabhar ina ghlac aige le píosa maith – cás a spreag mise le ‘Harry na Leabhar’ a thabhairt air – agus bhíodh sé ag canadh ‘Smuf! Smuf!’ nuair a thagadh gadhar nó mada thairis. Rud eile de, dá mbuailtí buile frustrachais nó mire éigin air an tráth sin, ceansaíodh an pictiúr de Smuf agus a clann coileán é. Is fearr sin na deilíní CBeebies!
Ó shin, tá bliain caite ag Harry ar an naíonra agus tá sé le dul ar scoil Meán Fómhair na bliana. Is doiligh béal binn an bhuachalla óig a chur ina thost ar na saolta seo. Agus nuair nach bhfuil sé ag aithris a chuid leabhar, chloisfeá ag tabhairt miontuairisce ar chineálacha éagsúla feithidí, dineasár, éisc, agus neacha eile nach iad. Ábhar tacsanomaí atá ann, is cosúil!
Mar sin féin, ní mhaím gur leigheas Smuf a thrioblóidí uilig. Tá go leor constaicí sáraithe ag Harry le cuidiú a mhuintire agus beidh tuilleadh le sárú aige amach anseo. Is dóigh go raibh an biseach sin i ndán dó ariamh, fad is go bhfuair sé an tacaíocht a bhí ag teastáil. Fuair agus gheobhaidh sé tuilleadh. Níl anseo ach nóta mórbhuíochais as an scéal a chorraigh an leaid beag s’againne.
Is cinnte freisin gur cruthúnas é scéal seo Harry na leabhar ar a ndúirt E.B. White ar litríocht na n-óg:
‘Anyone who writes down to children is simply wasting his time. You have to write up, not down. Children are demanding. They are the most attentive, curious, eager, observant, sensitive, quick, and generally congenial readers on earth’ (The Paris Review, 1969).
Is dóigh liom go bhfuil an ceart aige. Seans é gur minic gurb iad gasúir na léitheoirí is léirsteanaí ar an saol…