skip to main content

Grá don Ghaeilge?

Labhair Máire Ní Fhinneadha agus Julian de Spáinn ar Pléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina dtuairimí éagsúla ar an litir ghrá a scríobh an tAire Joe Mc Hugh don Ghaeilge mar chuid do Bhliain na Gaeilge.  Ní lia duinetuairim, is léir!

D'fhreagair an colúnaí le Tuairisc.ie, Máire Ní Fhinneadha litir an Aire lena litir féin, sínithe aici mar 'An Ghaeilge'.  Ag labhairt le Fachtna Ó Drisceoil,  dúirt Julian de Spáinn go raibh litir Mháire 'maslach'. Deir sé cé go mbíonn sé ag easaontú go minic le polaiteoirí maidir lena gcur chuige maoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ach go bhfuil sé den tuairim go bhfuil iarracht mhacánta ar bun acu tacú lena spriocanna a bhaint amach. Chuige sin, tá Julian den tuairim go bhfuil an litir seo 'ró-láidir', 'mífhearáilte' agus nach bhfuil 'cothrom na féinne' á fháil ag an Aire Stáit. 

Litir ón Aire Stáit, Joe Mc Hugh.

Ag tagairt don litir a scríobh sí, deir Máire Ní Fhinneadha go raibh fonn uirthi é a scríobh mar go raibh na hailt fíricí scríofa cheana féin ag teangeolaithe agus gur léir ón daonáireamh deireanach go raibh an Ghaeltacht 'friggeáilte' ach nach raibh an tAire Stáit Mc Hugh sásta é sin a admháil. 

Thug Ní Fhinneada 'feachtas leibideach' ar na litreacha atá á gcur ag leithéidí Joe Mc Hugh agus daoine aitheanta eile don Ghaeilge. Cháin sí go láidir abairt amháin i litir an Aire a luann gur ceangail í an Ghaeilge leis an stair, seachas uirlis chumarsáide.

Craoltar Pléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 17.05 agus 17.55.