Shílfeá go bhfuil borradh faoin gceol traidisiúnta agus faoin gceol Gaelach, araon. Léiríonn FleadhTV atá le feiceáil ar TG4 agus ar líne a bhfuil romhainn ach go háirithe i measc na hóige. Tá liosta le háireamh freisin ag féilte ar nós Electic Picnic agus Swellfest!
We need your consent to load this Facebook contentWe use Facebook to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Dár ndóigh, tá Electric Picnic ar barr an liosta ag go leor le críoch a chur le séasúr na bhféilte ag tús mhí Mheán Fómhair. Don chéad uair i mbliana, beidh dhá ardán ann don cheol agus comhluadar Gaeilge; an puball Gaelach agus ardán speisialta do Bhliain na Gaeilge freisin!

Anuas ar dhá ardán Gaeilge a bheith ann, tá Gaeltacht bheag le bheith sa láthair champála. Is féidir leat clárú anseo ón 24 Iúil ag 10.00 r.n.
.
An deireadh seachtaine seo chugainn, tá féile Swellfest ar Oilean Árainn Mhóir, amach ó chósta Dhún na nGall agus scoth an cheoil geallta!
