Labhair Darach Ó Scolaí, foilsitheoir le Leabhar Breac agus Dr Liam Mac Amhlaigh ó Ollscoil Mhá Nuad le Cormac Ó hEadhra ar Pléscéal faoina bhfuil ag titim amach in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge i láthair na huaire.
Ó bhris an scéal go bhfuil Cois Life, atá ar an bhfód le breis agus 20 bliain le dúnadh faoi dheireadh 2019, tá cur agus cúiteamh go leor déanta faoi na dúshláin atá roimh fhoilsitheoirí, scríbhneoirí agus léitheoirí araon.
Deir Ó Scolaí go bhfuil an cur chuige atá in úsáid ag Foras na Gaeilge leis an earnáil seo a bhainistiú 'go huile is go hiomlán mí-oiriúnach'. Tá sé den tuairim go bhfuil an socrú atá ann 'ag brath an iomarca ar dhea-thoil agus ar thiomantas na bhfoilsitheoirí Gaeilge don teanga'.
Ag caint ar an tslí a dháiltear maoiniú Fhoras na Gaeilge ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge, deir sé nach féidir foilsitheoir a bheith ag obair go lán-aimseartha toisc na teorainneacha maoinithe.
Cheistigh Dr Liam Mac Amhlaigh ceist comharbachta na bhfoilsitheoirí Gaeilge:
'Tháinig deireadh le Cois Life oíche Luain mar gur chaill na stiúrthóirí spéis sa chúram; ní haon ionsaí é sin ar Sheán Ó Cearnaigh nó ar Chaoilfhionn Nic Pháidín, tá gaisce déanta acu agus anuas air sin, tá gaisce déanta ag Cois Life sa tslí agus gur thug Cois Life, 20 bliain ó shin, sonc thar a bheith tábhachtach do na foilsitheoirí eile in san cur chuige, caighdeán agus dearadh agus cruth iomlán na foilsitheoireachta a bhí le heisiúint acu.'
Cheistigh Dr Mac Amhlaigh freisin an tslí ar chlúdaigh na meáin an scéal, ag díriú ar phointe amháin a bhí mar chuid den phreasráiteas a eisíodh maidir le caighdeán na mac léinn ar an tríú leibhéal seachas a bheith ag díriú ar phríomhchuspóir an ráitis, go raibh na stiúrthóirí ag éirí as an gnó.
Chríochnaigh sé a chuid cainte ag rá nach 'tubaiste' é deireadh Chois Life ach deis le hathbhreithniú a dhéanamh ar scéal mhargadh foilsitheoireachta Gaeilge.
Craoltar Pléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 17.05 agus 17.55