skip to main content

Deireadh le Cois Life: Cad atá i ndán do leabhair Ghaeilge?

D'fhógair an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life inné go bhfuiltear le dúnadh faoi dheireadh 2019. Labhair Dr Róisín Ní Ghairbhí, láithreoir Léirmheas Leabhar TG4 agus Anna Heussaff, údar faoi chúiseanna agus chomhthéacs an scéil ar Pléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag tagairt don ráiteas a rinne Stiúrthóirí Chois Life faoi dhúnadh an chomhlachta, deir Dr Ní Ghairbhí gur baineadh 'steangadh' aisti. Deir sí, áfach, nach bhfuil na dúshláin chéanna roimh phobail léitheoireachta eile freisin:

'Ní dóigh liom go mbaineann an dúshlán seo linne, lucht na Gaeilge amháin.Tá an comhthéacs ag athrú sa Bhéarla chomh maith; abair, féach ar na nuachtáin Bhéarla agus na dúshláin atá rompu.'

Labhair Ní Ghairbhí ar dhéimeagrafach phobal léitheoireachta na Gaeilge agus ar nósanna léitheoireachta na hóige: 'Tá lucht léitheoireachta dílis ag an nGaeilge ach is dócha gurb é atá ag tarlú ná go bhfuil an lucht léitheoireachta sin ag dul in aois agus go bhfuil tanú á dhéanamh air.'

Anna Heussaff

In agallamh ar an gclár Adhmhaidin, dúirt Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, ar dhuine de na stiúrthóirí an chomhlachta í go raibh an margadh ab fhearr ann do leabhair Ghaeilge sna seachtóidí agus sna hochtóidí, tráth a raibh 'pobal maith in sna hollscoileanna a bhí in ann dul i ngleic le saothair liteartha ar ardchaighdeán agus bhí leibhéal na teanga acu oiriúnach chun é sin a dhéanamh. Ní mar sin atá i láthair na huaire'

Ag caint ar an méid a bhí ag na stiúrthóirí faoi chaighdeán Gaeilge na mac léinn ar an tríú leibhéal, dúirt Anna Heussaff go raibh an scéal 'casta go leor'. 

Luaigh Dr Ní Ghairbhí an t-athrú 'ollmhór' atá tagtha ar leagan amach na gcúrsaí oideachais le blianta beaga anuas sna coláistí oideachais, rud a chiallaigh gur 'glanadh 400 léitheoir, scun scan'.

Craoltar Pléscéal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 4.30 agus 6.00 Luan go hAoine.