skip to main content

Rialacha Órga: Ag iarraidh ar dhaoine táirge a cheannach

Moira Ní Ghallchóir
Moira Ní Ghallchóir

Ó thosaigh mé ar an turas seo ag cur gnó brabúsach rathúil ar bun thug mé faoi deara go bhfuil mórán rún agus straitéis ag baint lena leithéid. I ndiaidh dom labhairt leis na céadta gnó-eagraithe ar fud an domhain, tuigim, guí go bhfuil na gnó-eagraithe an-ghnóthach agus ag obair go dian gur dheacair dóibh brabús a dhéanamh.

Is é an fáth nach n-éiríonn le gnólachtaí mar nach n-éiríonn leo brabús a dhéanamh.  Is ar éigean atá gnólachtaí in ann cliaint a chlárú gasta go leor agus go minic cailleann siad na cliaint sin agus an brabús dá thairbhe.

Páirt mhór den dúcheist ná tú féin a chur ar do shócúl faoi iarraidh ar chliaint ceannacht uait.  D’íríonn cuid mhór de lucht ghnó ar éifeacht an phróiseis agus an suíomh idirlín, srl atá acu. Tá siad lán-chinnte agus muiníneach as an táirge/seirbhís atá á chur ar fáil acu agus anois tá siad os comhair an chliaint agus an-tógtha faoin deis seo - seolann siad an reic díolacháin mór, insítear don chliant faoin scoth oibre atá ar siúl acu agus ansin… deirtear slán.  Imíonn siad gan iarraidh ar an chliant ceannacht uathu!

Mar ghnó-eagraí, caithfear a bheith cinnte faoi mar a dhéanfar brabús chun maireachtáil i saol an ghnó, ceart?  Mar sin, nuair a rachaidh tú i dteagmhail le hábhair cliaint caithfear a bheith sprioc shoiléir faoi cad a bheas a chur ar fáil agat ach lán chomh tábhachtach – go n-iarrfar orthu ceannacht uait!

Caithfear aird a dhíriú isteach ar an bhac atá i d’intinn nuair a thagtann siad fhad leis an cheann scríbe, an príomh fháth a thug ort dul i dteagmhail leis an chliant sa chéad áit!  Tá do ghnó ag brath go huile is go hiomlán ar iarraidh ar an chliant ceannacht uait!

Má tá aon rud atá ag cruthú deacrachtaí duit déan teagmháil liom ag moira@mng.ie

ní bheadh orm ach lúcháir cuidiú leat!

Cuidíonn Moira Ní Ghallchóir, bean as Dún na nGall, le lucht ghnó spreagadh i dtreo díolacháin, ratha sola agus saoirse. .  Údar fhoilsithe í sa leabhar: Remarkable Women: Overcoming Mediocrity a bhí go hoifigiúil ag #1 ar an leabhar ab fhearr díolta ag Amazon.  Lena camchuairt chainte thrasatlantaigh, tugann Moira meantóireacht ghnó inspreagthach, fuinniúil agus rathúil ar fud na hÉireann agus na Stáit Aontaithe, ag léiriú do lucht ghnó fís na féidéarthachta nach beag maidir lena ngnó féin.