Tá Bród 2018 thart , tá Rupaul's Drag Race Séasúr 10 críochnaithe, agus is dócha go bhfuil Queer Eye "binged" cheana féin. Ach má tá rud eile uaibh agus sibh ag fanacht orthu, seo daoibh, na 5 scannán LADTA is fiúntaí ar Netflix.

1. Handsome Devil (2017)

Caithfidh Ned (coimhthíoch na scoile) agus Conor (an laoch rugbaí) seomra leapa a roinnt i scoil chónaithe in Éirinn. Níl cosúlacht dá laghad ag an mbeirt leaideanna le chéile, ach d'éirigh cairdeas neamhghnách eatarthu. Tugann an scannán seo léargas fíorshuimiúil dúinn ar shaol scoile sa tír seo agus ní hiontas ar bith é gur bhuaigh sé an-chuid duaiseanna.

2. Pride (2014)

Scéal fíor is bun leis an scannán seo, a léiríonn grúpa gníomhaí LADTA agus iad ag déanamh iarrachta airgead a thiomsú i gcomhair phobal mianadóra i ndiaidh na stailceanna in 1984. Téann siad chuig Onllwyn sa Bhreatain Bheag chun é a thabhairt dóibh, agus bíonn amhras orthu.

Ach nuair a leanann na stailceanna ar aghaidh, tuigeann siad go léir go bhfuil cumhacht agus iad ag seasamh gualainn ar ghualainn le chéile.

3. Cherry Pop (2017)

Scannán éadrom é seo, a bhfuil cliar bhanríonacha draig den scoth* i gceist leis. Leanann sé saol na dtaibheoirí i gclub draig sna Stáit Aontaithe agus iad ag déanamh iarrachta clú agus cáil a bhaint amach. Tagann duine nua chun an chlub ("The Cherry") agus caitheadh isteach sa bhearna bhaoil é.

*(Bob the Drag Queen, Detox, Mayhem Miller, agus Tempest DuJour ó Rupaul's Drag Race).

4. Dream Boat (2017)

Uair sa bhliain, cuireann crús speisialta darb ainm Dream Boat chun farraige - do na fir aeracha amháin. Saor ó chúrsaí polaitíochta agus óna gcuid teaghlach, is féidir leo ceiliúradh a dhéanamh orthu féin. Leanann an clár faisnéise seo cúigear ó thíortha agus ó chúlraí eitneacha éagsúla ar an gcrús agus tugann sé tuiscint den scoth dúinn ar chúrsaí LADTA timpeall an domhain. 

5. The Danish Girl (2015)

Is portráidí í Gerda Wegener, agus nuair a chuireann sí cheist ar a fear céile, Einar, éadaí ban a chaitheamh agus í ag déanamh péintéireachta, tugann Einar le fios go bhfuil rud éigin éagsúil faoi mar dhuine. Suite i gCóbanhávan i lár na 1920idí, tugann an scannán seo léargas íontach dúinn ar shaol na ndaoine trasinscneach agus ar obráid athraithe inscne san am atá thart.