skip to main content

7 rud a rinneamar go léir sa Ghaeltacht

An Ghaeltacht
An Ghaeltacht

With Gaeltacht season in full swing, it's hard to forget the summers spent in the sticks of Connemara; seemingly worlds away from civilization, our friends and family, and of course, Béarla. Here are 7 things we all (probably) did at Irish college!

Is deasghnáth aistrithe saoil é an Ghaeltacht sa tír seo, agus más rud é go raibh tú ann riamh, is dócha go mbeadh na cuimhní seo agat!

1. Dearmad a dhéanamh ar gach rud! 

Tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar na rudaí bunúsacha agus tú ag pacáil don turas Gaeltachta...bríste snámha, stocaí breise, cábla sínteach...Ach le bhur dtoil, ná déan dearmad ar uachtar gréine, creid uaimse é!

2.  Mionchomhrá a dhéanamh le fear an tí...

Bhí sé dodhéanta aon rud a thuiscint agus é ag caint, ní raibh sé chomh soiléir agus a bhí do bhean an tí. N'fheadar an raibh Gaeilge, Béarla, nó Seapáinis á labhairt aige go fóill...

3. Post a fháil!

B'in a rud is iontaí le linn an lae - ag fanacht ar an bpríomhoide d'ainm a ghlaoch amach agus pacáiste a thabhairt duit. Bhí bia i gceist formhór an ama; Cadbury's, Tayto, agus Drumsticks! 

4. Ag dul amach le do theaghlach ar an Domhnach.

Bhí an-tábhacht ag baint  leis an turas seo toisc go raibh deis agat do ghuthán a úsáid, Béarla a labhairt, do theaghlach a fheiceáil, agus bia a fháil! Bhí trua agat i gcónaí dóibh siúd nach raibh ag fagáil don lá, bhí orthu dul ar Aifreann trí Ghaeilge...Yikes!

5. Buidéal Lynx Africa iomlán a úsáid ort féin roimh an gCéilí...

Cé a cheap gur smaoineamh maith é seo...a Chríost! Tá brón orainn, a chailíní.

6. "The Shift" a fháil.

Chualathas "Will you shift my friend?" i ngach coirnéal sa halla ag an gCéilí, agus bhí an obair seo tábhachtach dá mba rud é go raibh tú ag iarraidh duine a phógadh ar chúl an fhoirgnimh le linn an tsosa. Is dócha go raibh do chéad phóg agat ag an nGaeltacht - bhí gach duine ag lorg póige.

7. Do chara cléibh a aimsiú...

Bhuel, cheap tú fadó fadó go mbeadh sibh le chéile go deo...ach níl sibh fiú ceangailte ar Facebook a thuilleadh...