Ar chlár speisialta de chuid An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a craoladh amuigh faoin aer, bhí Séamus Barra Ó Súilleabháin ag labhairt le Helen Ní Shé faoin bhfile áitiúil, Maidhc File agus a shaothar.

Mac leis an scéalaí clúiteach, Peig Sayers ab ea Maidhc File. Cé gur dán a cheiliúrann áilleacht an nádúir é an dán, Maidin Bhreá a roghnaigh Séamus Barra, dán 'ana- oiriúnach' don aimsir, deir Séamus Barra  áfach, nach raibh ach corrdhán ag Maidhc File nach raibh duairc, mar gur fear 'ana-leithleasach' ab ea é, ina thuairim.

Tá Ó Súilleabháin i mbun taighde i gColáiste Mhuire gan Smál, ar Mhaidhc File agus cé gur bhain an scríbhneoir clú amach as a chuid filíochta, tá níos mó spéise ag Séamus Barra sna scéalta a bhailigh sé do Choimisiún Bhéaloideas Éireann. Cé gur 'ó Pheig is mó a fuair sé na scéalta', tá spéis faoi leith ag Séamus Barra sna scéalta gaisce a bhailigh sé agus dealraíonn sé gur óna athair a fuair sé iad siúd.

Cuireann Séamus Barra béim ar thábhacht Pheig 'mar fhoinse socheolaíochta, stairiúil agus ealaíne', toisc go ndéantaí neamhaird ar mhná i saol an bhéaloidis ach go ndearna sí 'éacht' ról an scéalaí sa phobal 'a thabhairt chuici féin'.

Craoltar An Saol Ó Dheas idir Luan go hAoine idir 12.08- 1.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.