skip to main content

"Seas suas duit féin": Comhairle Emma Mhic Mhathúna do mhná eile

Labhair Emma Mhic Mhathúna le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcás a socraíodh €7.5 milliún a bhonnadh uirthi ó Fheidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus Saotharlann Mheiriceánach mar chúiteamh don bhotún a rinneadh maidir le tastáil d'ailse i muinéal na broinne.

Máthair cúigear clainne is ea Emma Mhic Mhathúna a bhfuil cónaí uirthi i mBaile na nGael, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a labhair i mí Aibreáin faoi na botúin a rinneadh i dtastálacha d'ailse i muinéal na broinne. Ó shin i leith, tá Emma ag feachtasaíocht ar son a teaghlaigh agus ar son mná na hÉireann. 

D'aontaigh an HSE agus an tSaotharlann Mheiriceánach go mbronnfar €7.5 milliún ar chlann Emma agus í ag trácht ar an idirbheartaíocht a bhain leis an gcás, deir Emma gur ag €2.5 milliún a thosaigh an chaint ach gur throid sí go bhfuair sí an uimhir a bhí uaithi dá clann.

Labhair Emma faoin dtacaíocht a fuair sí ón bpobal áitiúil agus briseadh an scéal agus faoin mbród a bhraitheann sí as an méid atá bainte amach aici do mhná na hÉireann.

Emma Mhic Mhathúna agus Sabina Higgins

Dar le hEmma, tá 'athrú mór' tagtha ar an tír ó thosaigh sí ag feachtasaíocht agus dá réir, deir sí go bhfuil an fhearg a bhí uirthi imithe i léig. 

'Mná na hÉireann- tá muid an-láidir'

Cé go bhfuil ailse Emma anois scaipthe agus i mbeagnach gach cuid dá corp, deir sí go bhfuil sí 'an-láidir ina ceann agus ina creideamh'. Agus í ag caint ar staid reatha a sláinte, deir Emma gur nós le máithreacha gan a bpian nó a bhfulaingt a thaispeáint 'ní thaispeánann muid an taobh sin', cé go bhfuil siad breoite. 

"Ní smaoiním faoin ailse ar chor ar bith"

Molann Emma do mhná na hÉireann a bheith misniúil agus a bheith spreagtha as an méid atá bainte amach aici agus ag bean eile, Vicky Phelan, a bhí sa chás céanna. "Ná bíodh eagla ort- seas suas duit féin." a deir Emma.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 Luan go hAoine.