Labhair Fionnuala Doherty le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoina mac, an 'gasúr beag galánta' Oisín, a bhfuil míchumas air agus atá ag baint úsáide as seirbhís Bumblance.
D'inis Fionnuala do Mhichelle nach raibh 'fhios acu go raibh deacrachtaí sláinte ag Oisín sular rugadh é ach nach bhfuair sí deis greim a fháil air, fiú nuair a sciobadh uaithi é le tastálacha a chur air. Nuair a thuig Fionnuala go raibh deacracht aitheanta ag an bhfoireann leighis, bhí sí ag súil leis gur siondróm Down mar go bhfuil mac eile acu a bhfuil an siondróm sin air agus bheadh 'fhios acu cad a bheadh rompu leis.

Cuireadh Oisín chuig Ospidéal na bPáistí i gCromghlinn an lá ar rugadh é, áit ar aithníodh go raibh 'chromosonal abnormality' air. 'Bíonn do fócas díreach ar do pháiste, ní bhíonn seans agat smaoineamh caidé atá romhat', a deir Fionnuala agus í ag trácht ar an tréimhse dhúshlánach.
Chaith Oisín breis agus ceithre mhí san ospidéal, rud a bhí 'iontach crua' mar go raibh beirt pháistí eile sa bhaile, Síofra, 4 bliana agus Dónal, 2 bhliain d'aois.
Tháinig Oisín abhaile ach tá cúram leighis de dhíth air go minic. Deir Fionnuala gur 'saol difriúil' atá ann nuair atá páiste agat cosúil le Oisín. Ag labhairt ar an taighde agus staidéar atá déanta ag Fionnuala ó tháinig Oisín ar an saol, deir sí 'b'éigean dom a fháil amach an méid a thiocfadh liom' le Oisín a thuiscint agus le cuidiú leis.
Mar nach bhfuil Oisín compordach ag taisteal i gcarr, chothódh na turais go Baile Átha Cliath go leor struis don teaghlach. Le cuidiú leis an dteaghlach, tá Oisín anois ag taisteal in ingearán de chuid BumbleAir atá dírithe ar pháistí a bhfuil fadhbanna sláinte acu. Mhínigh Fionnuala tábhacht na seirbhíse d'Oisín agus do pháistí eile atá cosúil leis mar go gcuireann sé compord faoi leith atá uathu ar fáil dóibh. Ba ríléir do mháthair Oisín go mbíonn sé ar a shuaimhneas agus é san ingearán mar gur thit bualadh a chroí agus gur thit sé ina chodladh agus é ann, fiú. Deir sí gur mhór an rud di féin é go raibh sí in ann é a iompar agus iad ag taisteal abhaile freisin.
Tá feachtas tiomsaithe airgid ar bun ag Bumbleance leis an dara otharcarr a chur ar fáil, deir Fionnuala gur fiú go mór tacú leis an gcúis mar nach mbeadh 'fhios agat cá huair a mbeidh sé de dhíth ar do pháiste féin'.
Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine 11:02 - 12:00