skip to main content

Aerach, Aiteach, Bródúil agus Gaelach

An t-am seo den bhliain, bíonn cathair Bhaile Átha Cliath i mbun ceiliúrtha ar an bpobal aerach a chuireann leis an saol. Cé go bhfuil muid i bhfad ó RuPaul s'againn féin nó Queer Eye Gaelach a bheith againn, tá an pobal beo beathaíoch!

Déardaoin seo chugainn, 28 Meitheamh, i gClub Chonradh na Gaeilge, reachtáilfear Bród na nGael- ócáid ina mbeidh cainteanna, ceol, craic agus taighde á chur i láthair. I measc bhuaicphointí na hócáide, tá cainteanna acadúla ón Dr John Walsh agus Dr Brian Lacey agus biongó!

  • Tá muid buíoch dár gcuid scríbhneoirí a scríobhann faoi chúrsaí aeracha i nGaeilge; Mícheál Ó Conghaile, Alex Hijmans, Scott de Buitléir agus Ciara Ní É ach go háirithe.

  • Tá eagrán speisialta do Motherfoclóir, an podchraoladh a phléann leis an nGaeilge agus gach a bhaineann léi tiomsaithe don phobal aerach, ach go háirithe taithí fhear óg aerach a d'fhás aníos i gceantar Gaeltachta.
Eagrán speisialta den phodchraoladh, Motherfoclóir- ealaíon le Kirsten Shiel
  • Deirtí go mbíodh daoine ag streachailt le téarmaíocht chuí ach níl leithscéal ar bith ag éinne againn mar go bhfuil An Foclóir Aiteach nuafhoilsithe.

  • Beirt iriseoirí aeracha, óga iad na Gaylgeoirí a bhfuil a gclár féin acu ar Raidió Rí-Rá- is féidir leat iad a leanúint ar Instagram nó ar Twitter lena gcuid oibre. 

Tuilleadh eolais faoin gceiliúradh anseo.