Aeons, brainchild of Muireann Nic Amhlaoibh and Pádraig Rynne is electronica Gaelach and it is something to behold. Cuirtear síos ar a gcéad albam mar 'like a hazy dream state drifting aimlessly around the center of the universe'.
Labhair an t-amhránaí le Helen Ní Shé ar Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin athrú stíle atá i gceist di agus í ag obair le hAeons seachas a bheith ag cloí leis an traidisiún. Deir Muireann gur leagan eile di féin atá 'iomlán scartha amach ón dtraidisiún' atá i gceist nuair atá sí i mbun cumadóireachta le hAeons.
Agus í ag obair mar amhránaí traidisiúnta, deir Muireann gur ag ag 'athchóiriú nó ag athrá' a bhíonn sí ach go dtugann Aeons deis di a bheith 'ag cruthú'. Ag cur síos ar stíl Aeons, deir Muireann go bhfuil an ceol seo 'éagsúil, nua-aimseartha' ach 'fós bainteach le Gaolainn'
Agus í ag trácht ar chúrsaí teanga, tá Muireann den tuairim go bhfuil an teanga agus an meon ina taobh ag athrú agus go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfidh daoine go bhfuil ceol comhaimseartha Gaeilge 'beo ina beathaigh'.
Cuireann tionscnaimh macsamhail Aeons le príomhcheird Mhuireann, dár léi, tugann a leithéid 'fuinneamh nó dearcadh nua' di ar an amhránaíocht thraidisiúnta nuair a iompaíonn sí ar ais uirthi.
Beidh sé ar fáil ar Spotify, Bandcamp, agus ar iTunes ón lá amárach, Dé Céadaoin.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08- 1.00 ón Luan go hAoine.