Ar an Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, roinn Gerry Motherway a chuid tuairimí ar an dráma nua, bunaithe ar an leabhar, Asking For It le Louise O' Neill.
Scéal corraitheach é seo bunaithe ar éigniú a tharla do bhean óg agus an cultúr a mhaireann timpeall ar ionsaithe gnéis in Éirinn. Cé go bhfuil an t-ábhar féin tromchúiseach, goilliúnach tá Gerry den tuairim gur éirigh go hiontach leis an léiriú, a dhírigh ar fhuaimeanna le cuid den scéal a chur faoi bhráid na hamharclainne.

Maireann an dráma trí uair a chloig agus deir Gerry go raibh sé 'deacair an teachtaireacht a bhí á thabhairt ag an dráma a thógaint isteach' ach go bhfuil sé den tuairim gur cheart go bhfeicfeadh gach déagóir an dráma seo.
"Ní dóigh liom gur chuaigh aon dráma riamh i bhfeidhm orm chomh mór agus a dhein an ceann seo"
Pléann an scéal le hábhair ár linne atá duairc agus íogair; éigniú, gnéas, dearcadh na hóige ar scoil, dearcadh na clainne agus an tslí a dtéann teaghlach i ngleic le hionsaí gnéis. Bhain an léiriú deora as an léirmheastóir mar go raibh sé 'chomh láidir sin'.
Craoltar An Saol ó Dheas idir 12.08 agus 1.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Luan go hAoine.