skip to main content

Rialacha Órga: Dírigh ar do chuid cliaint!

Moira Ní Ghallachóir
Moira Ní Ghallachóir

Deir an irisleabhair clúiteach gnó Forbes go dteipfidh 90% de ghnólachtaí....mar sin, ciallaíonn sin nach mbeidh ach 10% de ghnólachtaí a n-éireoidh leo. Cíorann Moira Ní Ghallachóir cúiseanna na dteipeanna sin...

Sin uimhir scaollmhar dar liom.  Agus an rud atá brónach faoin uimhir seo ná go dteipfidh ar na gnólachtaí seo chan de thairbhe easpa clisteachta ná easpa oibre ach de thairbhe go dteipeann orthu brabús a dhéanamh.  Simplí go leor, shílfeá?

Firic:1  Cibé atá ag teastáil ar do chuid chliaint tabhair sin DÓIBH

Déanann go leor de lucht ghnó saothrú an bhrabúis casta dóibh féin.  Caitear go leor ama ar oirbheartaíocht agus straitéisí chun, dar leo, brabús a sholáthar.  Díritear a n-aird ar dhóigheanna cliste le cliaint a spreagadh chun ceannacht uathu agus chun iad a thabhairt faoi deara ar na meáin shóisialta ag súil go dtiocfaidh brabús as seo – ach ní thagann.

Cuirtear am amú leis seo.  D’fhéadfaí oíche agus lá a chaitheamh ag féacháil le teacht ar mhodhanna cliste chun tabhairt ar dhaoine ceannacht uait, ach go minic ní cheannóidh.  Má táthar chun gnó a tharraingt ort féin caithfear tairge/seirbhís foirfe a chur ar fáil dóibh. Caithfear béim a leagan ar an táirge/seirbhís ceart agus seo a fhorbairt.  Mar sin, caithfear díriú isteach ar riachtanais an chliaint chun an táirge sin a thabhairt chun foirfeachta. Ciallaíonn seo go gcaithfear an guthán a thógáil agus ceist a chur ar an chliant: "cad é go díreach atá ag teastáil uait?"  

Níl aird ag cliant ar do chuid riachtanais ach ar a gcuid féin.  Mar shampla, abair go raibh oibrithe ar shuíomh tógála agus nach bhfuair siad aon ghreim bí rith an lae agus gur las tusa suas beárbaiciú ar an tsuíomh agus burgair a chocaireacht agat – an mbeadh do chuid burgair deacair a dhíol? Ní bheadh!  Mar go bhfuil ocras ar na hoibrithe!

Caithfear a theacht ar na nithe beaga a chuirfidh ar shúile an chliaint go bhfuil táirge/seirbhís eisceachtúil a chur ar fáil agat.  Tharraingeofaí a thuilleadh chliaint ort féin de thairbhe seo. Bheadh brabús a dhéanamh agat ar ndóighe. Bheadh breis ama agat chomh maith!

Fuair mé féin amach faoi rud ar leith a bhí ag teastáil ar mo chuid chliaint agus thug mé chun barr foirfeachta é agus ceannaíodh uaim – agus rinne mé é seo aris agus arís eile. 

Aimsigh a bhfuil de dhith ar do chuid cliaint agus forbair sin ansin tiocfaidh brabús agus gnó den chéad scoth.

Cuireann Máire Gnó le Croí, díseartáin dhiana ghnó d’aon ghné ar leith do lucht ghnó chun cur ar a gcumais iad féin a chumhachtú.  Agus lena camchuairt chainte thrasatlantaigh Waking the Giants, tugann Moira meantóireacht ghnó inspreagthach, fuinniúil agus rathúil ar fud na hÉireann agus na Stáit Aontaithe, ag léiriú do lucht ghnó fís na féidireachta nach beag maidir lena ngnó féin.