Labhair Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Tomáisín Ó Ciobháin agus Máire Ní Scanláin faoi Danny Mac an tSíthigh, file, scéalaí agus fear an phobail, a fuair bás bliain a dtaca seo. 

Cailleadh Danny go tragóideach anuraidh agus é ar aistear farraige agus é ag rámhaíocht le criú amach as cósta na Portaingéile. Labhair Helen, Máire agus Tomáisín faoi oidhreacht Danny idir litríocht, seanchas agus cairdeas agus faoin lorg atá fágtha aige ina dhiaidh. 

"Bhí cairde i bhfad agus i gcéin aige Danny agus bhí rian fágtha aige orthusan agus rian fágtha aige ar an ndúthaigh anseo timpeall; an dúthaigh a dtug sé grá dó, an dúthaigh a d'fhill sé thar nais uirthi tar éis na haon turas a thug sé" 

Le bliain anuas, deir Helen go bhfuil easnamh sa phobal ach go háirithe 'a ghuth, a gháire agus a sheanchas'. Deir Máire, atá in Stiúrthóir ar Oidhreacht Chorca Dhuibhne gur 'buille mínádúrtha' a bhí ann don Ghaeltacht ó d'imigh Danny ar shlí na fírinne mar go bhfuil 'pobal na Gaeltachta lom go maith ar an dtalamh' anois. 

Duine ab ea Danny a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal ina raibh sé ag maireachtáil chomh maith leis an bpobal mór foghlama teanga agus measa cultúir, a dúirt Máire. Duine spioradálta a bhí ann duine a raibh 'nádúr ann agus tuiscint an tseanshaoil, tuiscint a mhuintir ar an ndúthaigh agus ansin an scolaíocht ag dul leis sin chomh maith aige' a dúirt Helen agus d'aontaigh sí le Máire nuair a dúirt sí go bhfuil 'an sórt sin duine, tá siad ag imeacht ón saol'

Tá Máire den tuairim gur gá don phobal anois oidhreacht an fhile a cheiliúradh, seachas a chaoineadh, na daoine atá sa phobal 'a mhisniú agus a thabhairt linn'.

Dúirt cara mór le Danny, Tomáisín Ó Cíobháin 'gur fear aistir ab ea é, i ngach aon slí'.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 Luan go hAoine.