Labhair an scríbhneoir agus an t-amhránaí, Marcus Mac Conghail le Sinéad Ní Uallacháin ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina bhfuil ar bun aige leis an mbanna ceoil, Bruadar.
Is é Géill Slí an chéad amhrán eile ón ngrúpa agus deir Marcus gur ag plé le comharthaí bóthair atá an t-amhrán. Ag cur síos ar an amhrán, dúirt Marcus go bhfuil 'spás ann a chuirfeadh na cromáin ag gluaiseacht'.
Is é an ceoltóir Eoin O' Brien, fear a bhfuil aithne ag Marcus air le blianta atá ag obair ar an dtogra ceoil leis agus deir sé go gcuireann sin leis an gceol mar 'níl aon bhrú'.
Tugann Marcus meascán de stíl high life na hAfraice, mar a bhí le clos ar albam Paul Simon, Graceland é Géill Slí ach go bhfuil stíl Dub Reggae air.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 Luan go hAoine.