skip to main content

Éirí na Gealaí

Éirí na Gealaí
Éirí na Gealaí

Deirtear nuair a dhúntar doras, osclaítear fuinneog; sin a tharla i gcás fhéile Ravelóid agus Féile na Gealaí. Scríobhann duine de bhunaitheoir Fhéile na Gealaí, Hannah Rua Ní Bhaoill faoina bhfuil foghlamtha acu go nuige seo. 

"Here, caithfidh muid rud inteacht a dhéanamh!"

Nuair a cuireadh Ravelóid ar ceal i mí Bealtaine 2016 bhí go leor againn briste nár éirigh linn ceilliúradh mór a bheith againn ar an teanga i mbliain chomórtha Éirí Amach na Cásca 1916. Go hádhmháil lean an réabhlóid ar aghaigh nuair d’éirigh an ghaelach i Ráth Chairn agus cuireadh tús le Féile na Gealaí, ag scaifte bheag nach raibh a fhios acu cad é an obair a bheadh amach rompu.

"Ná fiú smaoinigh faoi, déan é!"

Dúirt Séamus Mac Seáin "Ná habair é, déan é!" D’éirigh linne an manna sin a thabhairt chuig an chéad chéim eile trí muid féin a chaitheamh isteach in rud nach raibh a fhios againn aon rud faoi dtaobh de! Ní raibh againn ach trí seachtainí leis an fhéile a eagrú. Shocraigh muid gur i Ráth Chairn a bheadh sé mar go raibh Comharchumann Ráth Chairn sásta páirc peile a chur ar fáil dúinn saor in aisce, gan mórán ceisteanna a chur. Ní bheadh na freagraí againn cibé.

"Tá ‘cúpla ceoltóir’ socraithe cheana féin don fhéile Ghaeltachta seo …" Tuairisc.ie 19 Bealtaine 2016.Ní raibh, ach d’éirigh linn cúpla banna agus ceoltóir a mhealladh cé nach raibh mórán againn le tabhairt daofa. Gan iad ní bheadh féile cheoil againn agus tá muid go mór faoi chomaoin acu go fóill. 

Féile na Gealaí

"Cén chaoi a bhfuair tú an uimhir seo?"

Lorg muid airgead ó eagraíochtaí Gaeilge, agus má shíl an ghnáthdhuine go raibh muid as ár gciall, bhí fios maith ag aon duine a bhí ag obair in earnáil na Gaeilge go CINNTE go raibh muid as ár gciall, ach bhí Ealaín na Gaeltachta sásta dul sa seans. Bhí an cúpla céad euro sin chomh maith le cúpla míle euro ag an am, bhí agus tá muid fíorbhuíoch as sin.

Bhí muid sásta agus bródúil as an mhéid a bhí bainte amach againn sa chéad bhliain, agus nuair a bhain muid Féile na Bliana ag Gradaim Nós, tugadh le fios dúinn go raibh tacaíocht an phobail againn agus tugadh uchtach dúinn leanstan ar aghaidh leis an fhéile.

Is dóiligh againn féin creidbheáil an fás agus an borradh atá tagtha ar an fhéíle in achar ghairid ama. Gan trácht ar thicéid lae agus pasanna deireadh seachtaine, beidh trí oiread daoine ag campáil i mbliana is a bhí anuraidh, fás sé oiread ar lucht campála Féile na Gealaí 2016.

Tá muid ag obair i gcomhpáirtíocht le níos mó eagraíochtaí Gaeilge i mbliana, ar an ábhar sin beidh forbairtí móra ó thaobh láthair, stáitse, imeachtaí agus líon na n-ealaíontóirí le sonrú acu siúd a bheas ag pilleadh ar an fhéile arís.

Dá mbeadh comhairle againn d’aon duine a bheadh ag tabhairt faoi féile a thoiseacht is dócha go ndéarfadh muid leo toiseacht go beag. Gheobhaidh sibh urraíocht nuair a fheiceann urraithe an obair atá curtha isteach sa tionscadal. Caithfidh fís a bheith agat, b’fhéidir nach dtig linn uilig a bheith chomh dóighiúil le Jim McGuinness ach is féidir linn a bheith chomh tiománta, dírithe agus dóchasach céanna chun sprioc a bhaint amach.

Is obair dheonach, obair bhliana agus obair dhúshlánach atá i gceist ach má tá do chroí istigh ann b’fhiú uilig é. Gabh sa seans.