Beidh an scannán ceannródaíoch ón stiúrthóir Nora Twomey agus stiúideo beochana Salúin Chartún (a chruthaigh Song of the Sea agus The Secret of Kells), The Breadwinner nó An Saothraí á thaispeáint timpeall na tíre go luath

 Insíonn An Saothraí an scéal faoi Parvana, cailín óg 11 bliain d’aois atá ag fás aníos faoin Taliban san Afganastáin in 2001. Nuair a ghabhtar a hathair in éagóir, cuireann Parvana cruth buachalla uirthi féin le tacú lena teaghlach.

Le buanseasmhacht neamheaglach, agus Parvana ag baint neart as na scéalta a d’inse a hathair di, ar deireadh cuireann sí a beatha féin i gcontúirt le fáil amach an bhfuil sé go fóill beo. Scéal corraitheach agus draíochtach é, is scéal tráthúil agus spreagúil é faoi chumhacht tharchéimnitheach na scéalta, agus a gcumas le muid a aontú le chéile agus a leigheas.

Is iad an comhlacht, Macalla a d'oibrigh ar an leagan Gaeilge den scannán agus deir siad gur 'cúis áthais' dóibh iad an togra.

Liostáiltear na pictiúrlanna ar fad ina mbeidh an scannán le feiceáil anseo.

Beidh An Saothraí, leagan Gaeilge den scannán The Breadwinner, le feiceáil ar na dátaí seo a leanas: 29ú Bealtaine ag 13:00 & 31ú Bealtaine ag 18:20 san IFI.