Labhair Sinéad Ní Uallacháin ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Tadhg Ó Cróinín faoin airgead atá á bhailiú aige do Reach Out do dhaoine óga atá in ísle brí agus an taithí atá aige siúd lena ngalar dubhach.
Bhí Tadhg ar scoil nuair a d'aithin sé go raibh nár bhraith sé 'sásta' agus nach raibh fonn air aon rud a dhéanamh. Cé go raibh go leor spéiseanna ag Tadhg lasmuigh den scoil, an spórt agus an ceol ina measc, thug sé faoi deara sé go raibh an spéis sin imithe i léig. Ón uair go raibh Tadhg san idirbhliain deir sé go mbíodh buairt leanúnach air.
"Bhíos plúchta, ní rabhas ag iarraidh aon rud a dhéanamh, ní raibh aon mhisneach agam. Ní rabhas ag súil le haon rud."
Admhaíonn Tadhg go bhfuil fadhbanna meabhairshláinte ag mórán daoine sa phobal ach go bhfuil sé éasca na mothúcháin a chur i bhfolach go poiblí. Dúirt sé go raibh sé deacair air labhairt lena mhuintir go dtí gur tháinig sé go pointe áirithe agus go bhfuair sé go leor tacaíochta uathu nuair a labhair sé leo. Maidir le tuairimí an phobail, tá Tadhg den tuairim go bhfuil drogall ar dhaoine a bheith oscailte faoi ach gur cheart breathnú ar an ngalar 'cosúil le gach galar eile'.
Deir Tadhg go raibh pointí ísle aige thar na blianta agus tugadh go A&E é mar go raibh sé ag smaoineamh ar fhéinghortú a dhéanamh, uair amháin.
"Bhraitheas an-olc ar fad. Bhí orm dul go A&E uair amháin. Bhíos ag smaoineamh ar féinghortú-ní rud deas é."
Tá feabhas tagtha ar shláinte an fhir óig ó shin agus molann sé dóibh siúd atá ag fulaingt labhairt amach le daoine timpeall orthu agus cóir leighis a lorg.
"ní fhéadfainn fiú amháin smaoineamh ar labhairt ar an raidió- tá ana-fheabhas tagtha orm le bliain anuas."
Ghlac Tadhg le comhairle dochtúra freastal ar CAMHS, seirbhís atá ar fáil dóibh siúd faoi 18 a bhfuil deacrachtaí acu lena meabhairshláinte, rud a chabhraigh go mór leis. Idir leigheas frithdhúlagair, an chomhairle a fuair sé ó sheirbhísí sláinte agus tacaíocht phearsanta, mholfadh Tadhg go láidir dóibh siúd atá fulaingt labhairt amach.
Is féidir leat seirbhísí ReachOut a úsáid anseo.
Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 ón Luan go hAoine