Labhair ceathrar cailíní le Sinéad Ní Uallacháin ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina dturas sa Spáinn ag siúl ar an gcosán fada ar oilithreacht.
Is í Edel Ní Luibhéad, Áine Ní Bhreisleáin, Méabh Ní Bheaglaoich agus Siún Ní Dhuinn a thug faoi cheithre lá siúil sa Spáinn. Cé nach dtéann daoine go hiondúil ar an gCamino le bheith ag amhránaíocht, sin mar a bhí ag an gceathrar.
Shiúl siad ó Bhurgos go Fromista, tuairim is 65km san iomlán thar ceithre lá. Cé nach raibh taithí ar bith ar beirt dóibh nó mórán traenála déanta ag an gceathrar, deir siad gurbh fhiú go mór dul ann. Saoire speisialta atá sa Chamino, saoire a thóg croíthe na gcailíní agus iad ar an gcosán.
Deir Áine go raibh siad lán 'brí agus fuinneamh', rud a bhí iomlán éagsúil ón gcéad Chamino a rinne sí cúpla bliain ó shin. Bhí an chéad turas a rinne sí machnamhach agus í ina haonair. Deir Áine gur thug sí rabhadh do Mhéabh agus do Shiún go mbeadh 'leadrán' orthu agus iad i mbun siúil ach ní mar sin a bhí agus iad ag ceol agus ag rince ar thaobh a' bhóthair, ag cothú siamsaíochta dóibh siúd a bhí ag imeacht tharastu.
An bhfuil moltaí ar bith ag an gceathrar dóibh siúd atá ag smaoineamh ar an gCamino a dhéanamh? Bhuel, déan é a deir siad uile.
"Gabh agus déan é, mar bainfidh tú sult as"
Ó thaobh na nithe praiticiúla de, mholfaidís lóistín a phleanáil, stocaí agus bróga cearta a thabhairt leo. Away libh!
Craoltar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00.