skip to main content

Éist siar: Díospóireacht ar an Reifreann ar an 8ú leasú

I gclár speisialta de chuid Chormac ag 5 reachtáladh díospóireacht i gColáiste na Tríonóide ar an reifreann ar an ochtú leasú atá ar na bacáin. Labhair polaiteoirí, urlabhraithe agus an lucht féachana ó dhá thaobh na ceiste maidir leis an reifreann.

Ba iad Donnachadh Ó Laoghaire, TD, Sinn Féin,  An Seanadóir Rónán Mullen, Niamh Ní Bhriain, Institiúid na Beatha, Lisa Nic an Bhreithimh, Gaeil ar son Rogha a bhí ar phainéal na gcainteoirí agus Cormac Ó hEadhra i gcathaoir an láithreora. 

Cormac Ó hEadhra

Fáiltíodh roimh thuairimí agus cheisteanna ón lucht féachana beo ar an gclár freisin.

Craoltar Cormac ag 5 ón Luan go hAoine idir 4.30 agus 6 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.